¶ Dfill mé, agus do ċonnairc mé faói an ngréin, náċ don lúaṫ atá an ċoiṁling, nó an caṫ don neartṁar, nó fós an tarán do neagnuiḋ, nó fós saiḋḃrios do na daóiniḃ tuigsionaċa, nó fós faḃar do luċt an ġliocuis; aċt go tteagṁann am agus cinneaṁuin dóiḃ uile.
Cred fa a ḃfanmaóid ar suiġe? cruinniġiḋ siḃ féin, agus déanam a steaċ annsna caiṫreaċaiḃ daingne, agus bímid ar ttoċd annsin: óir do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía ar toċd sinn, agus ṫug sé uisge domblois dúinn re ól, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Annsin do ḟreagair seision agus do laḃair sé riomsa, ag ráḋ, Ise so briaṫar an TIĠEARNA re Serubbabel, ag ráḋ, Ní lé slúaġ, nó lé cuṁaċdaiḃ, aċt lé mo spioraidse, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.
Iudas, searḃḟoġantuiġe Iósa Críosd, agus dearḃráṫair Ṡéumuis, ċum na druinge atá ar na ngairm, ar na náoṁaḋ ó Ḋía Aṫar, agus ar na gcoiṁéud fá ċoṁair Iósa Críosd:
A ḋearḃráiṫre gráḋaċa, ar ndéunaṁ a nuile ḋitċill daṁ ar sgríoḃaḋ ċuguiḃ a dtimċioll an tslánuiġṫe ċoitċinn, do ḃí na riaċdanus oram sgríoḃaḋ ċuguiḃ, ċum ḃur dteaguisg fá ċaṫúġaḋ go diṫċiollaċ ar son an ċreidiṁ tugaḋ éunuáir aṁáin do na náoṁuiḃ.
Anois ar a naḋḃarsin, a Ṫiġearna, mar ṁaireas an TIĠEARNA, agus mar atá hánum beó, ó buḋ tóil leís an TTIĠEARNA ṫusa dfostaḋ gan teaċd do ḋórtaḋ fola, agus ṫú fein do ċóngṁáil ó ḋioġaltas do ḋéanaṁ le dó laiṁ féin, anois bídis do naiṁdese agus an ṁéid íarrus olc dom Ṫiġearna, mar Nábal.