Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 2:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Sé an TIĠEARNA ṁarḃus, agus aiṫḃéoḋus: beiriḋ sé síos ċum na húaiḋe, agus do ḃeir a níos.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 2:6
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċúalaiḋ an TIĠEARNA guṫ Elias; agus ṫáinic anum an leiniṁ ann a rís, agus do aiṫḃéoġuiḋ sé.


Agus tárla, a nuáir do léiġ ríġ Israel an litir, gur ḃris sé a eádaċ, agus go nduḃairt, An Día misi, do ṁarḃaḋ agus do ḋéanaṁ beó, as a ccuirionn an fearso ċugam do ṡlánuġaḋ duine óna luḃra? ar a naḋḃarsin guiḋim siḃ, meusuiḋ, agus féuċuiḋ ciondus íarruis sé cionfáṫa ċugam.


Oír gortuiġiḋ sé, agus ceangluiḋ súas: loitiġ sé, agus do níd a láṁa féin slán.


Do íaḋadar doilġiosa an ḃáis am ṫimċioll, agus fúaradar fórluinn ifrinn mé: aṁgar agus doḃrón do fuáir mé.


Canuiḋ psalm don ṪIĠEARNA, ó siḃsi a naoṁa féin, agus tugaiḋ buiḋeaċus do ċuiṁne a naoṁṫaċda.


Isé ar Ndíanne Día ar slánuiġe; agus ré Día an TIĠEARNA beanaid sliġṫeaċ an ḃáis.


Ṫusa noċ do ṫaisbéin daṁ buáiḋearṫa iomḋa neiṁneaċa, béoḋoċair mé a rís, agus do ḃéarair súas mé ó ḋoiṁne na talṁan.


Aimsir ċum marḃṫa, agus aimsir ċum leiġis; aimsir do leagaḋ síos, agus aimsir do ċur súas;


Mairfid do ḋaóine marḃa, eireoċuid a naóinḟeaċd re mo ċorp marḃsa. Músclaiḋ agus cánaiḋ, a ḋrong ċóṁnuiġios annsa luáiṫreaḋ: óir atá do ḋrúċd mar ḋrúċd luiḃionn, agus teilgfiḋ an talaṁ amaċ na mairḃ.


Uimesin tairrġir agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, mo ṗobal, foisceola misi ḃur nuáiġe, agus do ḃéara mé oruiḃ teaċt a níos as ḃur nuáiġiḃ, agus do ḃéara mé siḃ go tír Israel.


Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, an ḃféaduid na cnáṁaso ḃeiṫ béo? Agus do ḟreagair misi, A Ṫiġearna DIA, is agadsa atá a ḟios.


Oír mar do ḃí Ionás a mbroinn an ṁíl ṁóir trí lá agus trí oiḋċe: is mar sin ḃías Mac an duine gcrioḋe na talṁan tri lá agus trí oiḋċe.


A duḃáirt Iósa ría, Is misi a neiséirġe, agus an ḃeaṫa: giḋ be ċreideas ionnam, dá mbeiṫ go mbiaḋ sé tár éis ḃáis, mairfiḋ sé:


Féuċuiḋ a nois gur misi, misi féin é, agus ní ḃfuil día am ḟarraḋ: is mé ṁarḃus, agus is mé ní béo; loitim, agus leiġisim: agus ní mó atá éinneaċ ḟéadas sáoraḋ as mo láiṁ.


Agus an tí atá beó, giḋ go raiḃ mé marḃ; agus, féuċ, atáim beo go sáoġal na sáoġal, Amén; agus atáid eoċraċa ifrinn agus an ḃáis agam.


Agus ṫug Dáiḃi a ṁionna fós, agus a duḃairt, Atá a ḟios ag haṫairsi go deiṁin go ḃfuair misi grása ann do raḋarcsa; agus a duḃairt seision, Ná bióḋ a ḟios so ag Ionatan, deagla go ngoillfeaḋ sé air: aċd go deiṁin mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanamsa, ní ḃfuil aċd coisceím eadram agus bás.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ