Am éagṁuissi cláonfuid síos faoi na príosúnaċaiḃ, agus tuitfid faoi na marḃuiḃ. Ar a ṡon so uile ní cláoċluiḋṫear a ḟearg, aċt ata a laṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe.
Oír dá mbeiṫ go mbuáilfeaḋ siḃ slúaġ na Ccaldéanaċ uile ṫroidios ann ḃur naġaíḋ, agus naċ mairfeaḋ aċd daoine loitiġ iona measc, ṫairis sin déireoċaidís gaċ uile ḋuine ḋíoḃ ann a ṗáillíun, agus do loisgfidís an ċaṫairsi le teine.
Do ḃríġ go ttáinic an creaċadóir uirre, eaḋon ar Ḃabilón, agus gur do ġaḃaḋ a daoine cuṁaċdaċa, do briseaḋ a mboġaḋ uile: oir go deiṁin ccúiteoċuiḋ an TIĠEARNA Día na luáiġeaċtaḋ.
Aċd a duḃairt sé riom, Is lór ḋuit mo ġrássa: óir iomlánuiġṫear mo ċúṁaċdasa a néugcrúas. Uime sin buḋ ró ṁóide mfonn mórḋáil do ḋéunaṁ as méugcrúasuiḃ, ionnus go ndéanaḋ cúṁaċd Ċríosd cóṁnuiḋe ionnam.
Agus créd a déuruinn ní sa ṁó? óir do ḃíaḋ a naimsir ro ġearr agum ré ḃeiṫ ag cráoḃsgaóileaḋ ar Ġedéon, agus ar Ḃárac, agus ar Ṡampson, agus ar Ieṗtaé; agus ar Ḋáiḃi, agus Ṡamuel, agus ar na fáiḋiḃ:
Do ṁúċ neart na teineaḋ, do ċuáiḋ as ó ḟáoḃar an ċloiḋiṁ, tugaḋ ó laige go láidireaċd, do rinneaḋ neartṁar a gcaṫ, do ċuir a dteiṫeaṁ sluáiġe na neaċdrannaċ.