Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 2:35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 2:35
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aṁuil ó núair fár órduiġ mé ḃreiṫeaṁuin do ḃeiṫ ós cionn mo ṗobail Israel, agus ṫug mé ḋuitse suáiṁnios ód naiṁdiḃ uile. Mar an gcéadna atá an TIĠEARNA dá innisin duit go ndéana sé tiġ ḋuit.


Oír ṫusa, a ṪIĠEARNA na slóġ, Día Israel, dfoillsiġ tú dot ṡearḃḟoġantuiġ, ġa ráḋ, Do ḋéana mé tiġ ḋuit: uime sin fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ, iona ċroiḋe a nurnaiġsi ḋéanaṁ ċugad.


Agus do ung Sádoc an sagart agus Nátan an táiḋ é na riġ ann Gihon: agus tangadar a nios as sin ag urġáirdiuġaḋ, iondus gur líon an ċaṫair dfuáim agus dfoṫrom. Agus a sé sin an giorac do ċualaḃairsi.


Aċ Sádoc an sagart, agus Benaiah mac Iehoiada, agus Nátan an fáiḋ, agus Simei, agus Rei, agus dáoine cuṁaċdaċa do ḃean re Dáiḃi, ni raḃadar a ḃfoċair Adoniiah


Agus is aṁluiḋ ḃías, má éisteann tú ré gaċ uile ni dá naiṫeonuiḋ misi ḋiot, agus go siuḃoluiḋ tú ann mo ṡliġṫiḃ, agus go ndeanair an ní ḃíus ceart ann mo raḋarc, do ċoiṁéad mo reaċda agus maiṫeanta, mar do rinne Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ; go mbiáiḋ misi leatsa, agus go ndéana mé tiġ daingion duit, mar do rinne mé do Ḋáiḃi, agus do ḃéara mé Israel ḋuit.


¶ Agus do ċuir an ríġ Benaiah ṁac Iehoiada iona áit ós cionn an tslóiġ: agus do ċuir an ríġ Sádoc an sagart a nionad Abiaṫair.


Agus a dúadar agus diḃeadar as coinne an TIĠEARNA an lásin maille re gáirdeaċus mór. Agus do rinneadar ríġ do Ṡolaṁ ṁac Dáiḃi an dara huáir, agus do ungadar é don TIĠEARNA ċum ḃeiṫ na árduaċdarán, agus Sadoc ċum ḃeiṫ na ṡagart.


Noċ do ḃeir fúascluiṫe móra ḋa ríġ; agus ḟoillsiġios trócaire ḋá ungṫaċ, do Ḋáiḃi, agus dá ṡíol go bráṫ.


Cuirid ríġṫe na talṁan íad féin a cceann a ċéile, agus glacaid na ríaġlóiriġ coṁairle, re ċeile anaġaiḋ an TIĠEARNA, agus a naġaiḋ a ungṫaiġ, ag ráḋ,


Agus tárla, do ċionn go raiḃ eagla Dé ar na mnáiḃ tuismiġe, go ndearna sé tiġṫe ḋóiḃ.


Agus cuirfe mé súas áon áoḋaire aṁáin ós a ccionn, agus beaṫoċa sé íad, eaḋon mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi; beaṫoċa sé íad, agus biáiḋ na áoḋaire aca.


Agus do ġeaḃa seision é, agus a ṡíol na ḋiáiġ, martá connraḋ sagartaċda síorruiḋe; do ċionn go raiḃ teasġráḋaċ do Ḋía, agus go ndeárna síoṫ ar son ċloinne Israel.


Air a naḋḃarsin bá cóir ḋó ḃeiṫ cosṁuil ré na ḋearḃráiṫriḃ sna huile neiṫiḃ, ionnus go mbíaḋ sé trócaireaċ agus na ardṡagart díleas sna neiṫiḃ ḃeanas ré Día, ċum an ṗubail do ġlanaḋ ó na bpeacaiḋiḃ maille ré na ioḋbairt.


Agus a núair ṫangadar ann sin ċum an ċnoic, féaċ, tárla cuideaċda do ná fáiġiḃ ris; agus ṫaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáiġeadóireaċd mar aon riú.


¶ Agus is amnlaiḋ do ḃí, a núair do iompoiġ sé a ċúl dimṫeaċd ó Ṡamuel, go ttug Día croiḋe oile ḋó: agus tangadar na coṁarṫuiġ so uile a ccríċ an lá sin féin.


Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.


Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.


Agus tiucfaiḋ a ccríċ, gaċ uile ḋuine dá ḃfuigfiġear ann do ṫiġsi, go ttiucfa agus go ccromfuiġ ċuige ar son ṗíosa airgid agus greama arám, agus déara sé, Guiḋim ṫú, cuir misi, a noifig éigin ḃeanas ris an tsagartaċd, go ḃféada mé greim aráin iṫe.


Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.


Agus do ḃí an leanaṁ Samuel ag míniostralaċd don TIĠEARNA a laṫair Eli. Agus bá mórluáiġ bríaṫar an TIĠEARNA ansna laéṫiḃ sin; ní raiḃ fios ós áird ann.


¶ Agus do ġlac Samuel luḃán diúil, agus do íoḋbair é mar ofráil loisge uile don TIĠEARNA: agus do éiġ Samuel air on TTIĠEARNA ar son Israel; agus déist an TIĠEARNA ris.


Aċ níor ṡiuḃluiġeadar a ṁic iona ṡliġṫiḃsan, agus do ċúadar a leaṫtaoiḃ ar son tarḃa, agus do ġlacadar cuṁa, agus do ċláonadar breiṫeaṁnus.


Agus do ḟreagradarsan iad, agus a duḃradar, Atá, féaċuiḋ; atá sé roṁuiḃ: déanuiḋ deiṫfir anois, óir ṫaínig sé a niuġ don ċaṫruiġ; óir atá féasta don ṗobal a niuġ annsa náit áird:


Coṁlúaṫ agus ṫiucfuiḋe don ċaṫruiġ, do ġeaḃṫaoi ar ball é, suil raċus sé súas don náit áird diṫe: óir ní íosuid an pobal nó go ttí sé, do ċionn gur bé ḃeannuiġios an níoḋbairt; agus na ḋiaiġ sin iṫid luċd an ċuiriḋ. Anois ar a naḋḃarsin eírġiḋsi súas óir is timċioll; a nama sa do ġeaḃṫaoi é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ