Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Aitreaċuid fós seandaoine agus mná áosda a sráidiḃ Ierusalem, agus a nuile ḋuine gun a ḃata iona laíṁ tre iomad a laéṫeaḋ.
Agus an duine dot ṁuinntir, naċ gearrfa mé óm altóir, mairfiḋ sé do ṁilleaḋ do ṡúl, agus do ċraḋ do ċroiḋe: agus do ġeaḃuid biseaċ do ṫiġe uile bás a scoiṫ a naóise.
Uime sin do ċuireadar na dáoine fios go Síloh, ċor go ttiuḃraidís as sin airc ċunnarṫa ṪIĠEARNA na slóġ, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċeruḃíniḃ: agus do ḃúdar días‐mac Eli, Hoṗni agus Ṗinehas, annsin maille re háirc ċunnarṫa Dé.