Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 2:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 ¶ Agus ṫáinic óglaċ Dé go Héli, agus a duḃairt ris, Marso a deir an TIĠEARNA, Ar ḟoillsiġ misi mé féin go soilléir do ṫiġ haṫarsa, a nuáir do ḃádar san Négipt a ttiġ Ṗáraoh?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 2:27
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus, féuċ, ṫáinic duine le Día amaċ as Iúdah do réir ṫeagaisg an TIĠEARNA go Bétel: agus Ieroboam na ṡeasaṁ ag a naltóir do losgaḋ túise.


Marsin do ṫeilg Solaṁ Abiatar amaċ ó ḃeiṫ na ṡagart ag an TTIĠEARNA; go ccoiṁlíonfaḋ sé focal an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé a ttaoḃ ṫiġe Eli ann Síloh.


Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, agus re Háaron a gcríċ na Hégipte, dá ráḋ,


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise agus re Háaron, Se so orduġaḋ na cásg: Ní iósaiḋ coiṁiġṫeaċ ar biṫ ḋe:


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Aáron: Imṫiġ fán ḃfasaċ do ṫeagṁáil re Maóise. Agus do imṫiġ sé, agus tárla leis é a slíaḃ Dé, agus do ṗóg é.


Agus sí so an ḃeannaċd ler ḃeannuiġ Maóise óglaċ Dé, clann Israel roiṁe a ḃás.


Aċd tusa, óglaóiċ Dé, seaċuin na neiṫese; agus lean dfíréuntaċd, do ḋíaġaċd, do ċreideaṁ, do ġráḋ, dfoiġid, agus do ċeannsaċd.


Oír ní réir ṫola duine ṫáinic an ḟáiḋeadoireaċd a nallód: aċd do laḃráidís dáoine náoṁṫa Dé do réir mar do seóltuiġe íad ón Spiorad Náoṁ.


¶ Ann sinn ṫáinic an ḃean agus dinnis sí ḋá fear, ġá ráḋ, Ṫáinic ógfaċ Dé ċugam, agus bá cosṁuil a ġnúis ré gnúis aingil Dé, ró úaṫḃásaċ: aċ níor ḟiafruiġ mé ḋe cá has dó, agus ní mó dinnis sé a ainm ḋaṁ:


Gur ċuir an TIĠEARNA fáiḋ ċum cloinne Israel, noċ a duḃairt ríú, Mar so a duḃairt TIĠEARNA Día Israel, Ṫug misi súas ó Négipt siḃ, agus ṫug mé amaċ siḃ as tiġ na dáoirsi;


Annsa ló sin críoċnoċuiḋ mé a naġaiḋ Eli, a nuile ní dar láḃair mé a ttaoḃ a ṫiġe: a núair ṫoíseoċus mé, déana mé críoċnuġaḋ mar an gcéadna.


Agus do ġluáis seision ṫríḋ ṡlíaḃ Eṗraim, agus do ċuáiḋ tré ċríċ Ṡalisa, aċt ní ḃfúaradar íad: annsin do ċuáiḋ sé tré ḋúiṫċe Hálim, aċd ní raḃadar annsin: agus do ċúadar tré ḋúiṫċe na Mbeniamiteaċ, aċd ní ḃfúaradar íad.


Agus a duḃairt seision ris, Féuċ, anois atá annsa ccaṫruiġsi duine le Día, agus is duine onóraċ é; a nuile ní a deir sé ṫig a gcríċ go deiṁin: anois tianam annsin; dob éidir go ḃféadfaḋ an tsliġe ionar ċóir ḋúinn dul do ṫeagasg ḋúinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ