Aċt níor ċuír Iehu beann ar ṡiuḃail a ndliġeaḋ an TIĠEARNA Día Israel maille re na uile ċroiḋe: óir níor ḋealuiġ sé ré peacuiḋuiḃ Ieroboam, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ.
Ar a naḋḃarsín, a ḋeartḃraiṫreaċa, féuċaiḋ amaċ ḃur measg féin mórṡeisear do ḋáoiniḃ deaġṫeasda, lán don Spioruid Náoṁ agus deagna, noċ do ċuirfeam a dtimċeal na hóibreise.
Oír ar mbeiṫ ḋóiḃ ag laḃairt ḃríaṫar uáiḃreaċ gan éifeaċd, mealluid síad ré hainṁíanuiḃ macnusaċa na colla, an dream do ḋealuiġ beagán ré luċd an tseaċráin do leanṁuin.
Atá deaġṫeisd ar Demétrius ag na dearḃráiṫriḃ uile, agus ag an ḃfírinne féin: agus do níomuiḋne fós, fíaḋnuise ris; agus atá a ḟíos aguiḃse gur fírinneaċ an ḟíaḋnuise do níomuid.
Giḋeaḋ atá beagan agum a taḋuiġ, go ḃfuilngeann tú don ṁnáoi Iesabel, a deir gur banḟáiḋ í féin, teagusg do ṫaḃairt uáiṫe agus mo ṡearḃḟoġantuiġeaḋsa do ṁeallaḋ ċum sdríopaċais do ḋéunaṁ, agus ċum na neiṫeann atá ar na níoḋbairt dioḋaluiḃ iṫé.
¶ Anois do ḃí Elí ro ḟoirfe, agus do ċúalaiḋ sé a ndeárnadar a ṁic re Hisrael uile; agus mar do luiġedís ris na mnáiḃ do ċruinniġeaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.