Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 2:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 ¶ Anois do ḃí Elí ro ḟoirfe, agus do ċúalaiḋ sé a ndeárnadar a ṁic re Hisrael uile; agus mar do luiġedís ris na mnáiḃ do ċruinniġeaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 2:22
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a nuáir do ḃí Israel ná ċoṁnuiġe sa duṫaiġ sin, go ndeaċuiḋ Reuben, agus gur luiġ re Bilhah leannán aṫar: agus do ċúaluiḋ Israel sin. A nois clann Iácob bá ḋá ḟear ḋéag iad.


A síad so geinealuiġ Iácob. Ar mbeiṫ do Ióseṗ seaċd mbliaḋna déag dáois, do ḃí ag inġilt an tréada a ḃfoċair a ḋearḃráiṫreaċ; agus do ḃí an tóganaċ a ḃfoċair ċloinne Bilhah, agus ċloinne Silpah, mná a aṫar: agus tug Ióseṗ a ndroċṫúarusgḃáil ċum a aṫar.


Agus do rinne an láḃéir do ṗrás, agus a ċos do ṗrás, do scaṫánuiḃ na mban noireaċduis, noċ do ċruinnioġaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.


Do ḃriseadar a sagairt mo ḋliġeaḋ, agus do ṫarcuisniġeadar mo neiṫe náoṁṫa: ní ḋeárnadar eidirḋealuġaḋ idir an náoṁṫa agus a neaṁnáoṁṫa, ní mó do ṫaisbeanadar eidirḋealuġaḋ idir an nglan agus an neaṁġlan, agus dfoluiġeadar a súile óm ṡaóire, agus atáim ar mo ṫruilleaḋ eattorra.


Agus a duḃairt sé ríu, Cred fa ndéantaoi a leiṫeid so? óir do ċluinim ḃur ndroiċġníoṁa ón ṗobalso uile.


Oír dinnis mé ḋó go mbéaruinn breaṫ ar a ṫiġ go bráṫ ar son a nuilc as aiṫniḋ ḋó feín; do ḃriġ go ndearnadar a ṁic íad féin malluiġ, agus nar ṫoirmisg seision íad.


Agus tárla, a nuáir do ḃí Samuel áosta, go ndearna sé breiṫeaṁuin dá ṁacaiḃ ós cionn Israel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ