Agus ṫug ar a ṁac dul ṫríd an tteine, agus do aḋraḋ daimsearuiḃ, agus do níoḋ droiġeaċd, agus cumann ré leannánuiḃ síṫe agus re luċd fáistine: doibriġ sé mórán uilc a raḋarc an TIĠEARNA, ler ḃrostuiġ é ċum feirge.
Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus.
¶ Agus do rinneaḃair so a rís, ag folaċ altóra an TIĠEARNA lé deóruiḃ, lé gul, agus lé héiġioṁ árd, iondus naċ ḃfuil suim aige annsa nofráil ní as mó, nó a glacaḋ lé toil ṁaiṫ as ḃur laiṁsi.
Agus dá nabraḋ duine ar biṫ ris, Ná déindís failliġ ris an méaṫus do losgaḋ ar báll, agus beir leaċd mar is toil led ṁeanmuin; annsin do ḟreigeoraḋ seision é, Ní heaḋ; aċd do ḃéara tú ḋaṁ a nois é, agus muna ttugair, béara me liom ar éigin é.
Oír dinnis mé ḋó go mbéaruinn breaṫ ar a ṫiġ go bráṫ ar son a nuilc as aiṫniḋ ḋó feín; do ḃriġ go ndearnadar a ṁic íad féin malluiġ, agus nar ṫoirmisg seision íad.