13 Agus do bé gnáṫ na sagart ris an pobal, a nuáir do ofrálaḋ duine ar biṫ íoḋbuirt, do ṫigeaḋ óglaċ an tsagairt, a nuáir do ḃíoḋ a nfeóil dá bruiṫ, agus aḋal ṫrí mbeangán ann a láiṁ;
Annsin a duḃairt seision riomsa, Sí so a náit a mbruiṫfid na sagairt ofráil an tsáruiġṫe agus a nofráil ṗeacaiḋ, iona mbacalfuid a nofráil bíḋ; iondus naċ béuruid síad amaċ íud san ċúirt táoiḃ amuiġ, do náoṁaḋ an ṗobail.
Agus do ḃuaileaḋ sin san noiġeann, no san cceteal, nó san ccoire, nó san bpota; an ṁéid do ḃeireaḋ an taḋal a níos do ḃeireaḋ an sagart sin ċuige féin. Marsin do nídis a Siloh ré na ttigeaḋ do na Hisraelitiḃ annsin.
¶ Anois do ḃí Elí ro ḟoirfe, agus do ċúalaiḋ sé a ndeárnadar a ṁic re Hisrael uile; agus mar do luiġedís ris na mnáiḃ do ċruinniġeaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
Cred fá bpreabann siḃ air míoḋbairt agus air mofráil, noċ do órduiġ mé ann mo ṫiġ; agus go nonóruiġíonn tú do ṁic ós mo ċionnsa, da ḃur ndéanaṁ féin méiṫ le príoṁċuid gaċá hofrála mo ṗobail Israel?