Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Cía leis? Agus a duḃairt seision, Raċa mé amaċ, agus biáiḋ mé am spiorad ḃréagaċ a mbéul a ḟáġ uile. Agus a duḃairt seísion, Cuirfiḋ tú impiḋe air, agus fós buáiḋeoċuiḋ tú: éiriġ amaċ, agus déana sin.
Abraḋ ar TTIĠEARNA anois re na ṡerḃíseaċaiḃ, atá ḋa laṫair, duine íarruiḋ, noċ ṡeinnios go gasda ar ċláirsiġ: agus is aṁluiḋ ḃías, a nuair ṫiocfas an droiċspiorad ó Ḋía ort, go seinnfiḋ seision le na láiṁ, agus go mbía tusa go maiṫ.
¶ Agus do ḃí cogaḋ ann a rís: agus do ċuáiḋ Dáiḃi amaċ, agus do ṫroid sé ris na Ṗilistiniḃ, agus do ṁarḃ sé íad maille re hár mór; agus do ṫeiṫeadar roiṁe.
¶ A nuáir do ċúala Saul go raiḃ Dáiḃi ós áird, agus na daóine do ḃí na ḟoċair, (anois do ḃí Saul na ṡuiġe a Ngibeáh fáoi ċrann a Rámah, agus a ġaṫ iona laíṁ, agus do ḃádar a ṡearḃḟoġantuiġe na seasaṁ gaċ táoḃ ḋé;)