8 ¶ Agus do ḃí cogaḋ ann a rís: agus do ċuáiḋ Dáiḃi amaċ, agus do ṫroid sé ris na Ṗilistiniḃ, agus do ṁarḃ sé íad maille re hár mór; agus do ṫeiṫeadar roiṁe.
Ann sin do ċúadar prionnsuiḋe na Ḃṗilistineaċ amaċ: agus tárla, a nuáir do ċúadar na Ṗilistiniġ amaċ, gur íomċair Dáiḃi é féin ní buḋ feárr ná searḃḟoġantuiġe Ṡauil uile; ionnus go raiḃ a ainm ro oirḋeirc.
Agus do ġoir Ionatan ar ḋáiḃi, agus do ṫaisbéin Ionatan na neiṫesi uile ḋó. Agus ṫug Ionatan Daiḃi ċum Sauil, agus do ḃí ḋá laṫair mar na huáiriḃ roiṁe.
Marsin do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir go Ceilah, agus do ṫroideadar ris na Ṗilistíniḃ, agus ṫugadar a náirneís leó, agus do ḃúaileadar íad re hár mór. Marsin do ṡáor Dáiḃi áitreaḃaiġ Ċeilah.