7 Agus do ġoir Ionatan ar ḋáiḃi, agus do ṫaisbéin Ionatan na neiṫesi uile ḋó. Agus ṫug Ionatan Daiḃi ċum Sauil, agus do ḃí ḋá laṫair mar na huáiriḃ roiṁe.
Agus ós a ċionn sin, a nallód, eaḋon a nuáir do ḃí Saul na ríġ, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ a maċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃáirt do ṪIĠEARNA Día riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad riaġluiġeóir ós cionn mo ṗobuil Israel.
Agus a duḃairt Maoisi ris anTTIĠEARNA O mo ṪIĠEARNA ní ḃfuilimsi deaġlaḃarṫa, ná roiṁe só, ná ó laḃair tusa réd ṡerḃiseaċ: Aċd atáim mall a ccoṁráḋ, agus mall a dteanguiḋ.
Oír do hórduiġeaḋ Toṗet ón tseanaimsir; iseaḋ, don ríġ fós do hullṁuiġeaḋ é; do rinne sé doṁuin agus leaṫan é: sé a ċárn sin teine agus iomad connaiḋ: lasaiḋ anál an TIĠEARNA é, aṁuil sruṫ ruiḃe.
¶ Agus tárla ar na ṁáraċ, go ttáinic an droiċspiorad ó Ḋía ar Ṡaul, agus do rinne sé fáiḋeadóireaċd a lár an tiġe: agus do ṡeinn Dáiḃi le na láiṁ mar uáiriḃ oile: agus do ḃí bunnsaċ a láiṁ Ṡauil.
¶ Agus do ḃí cogaḋ ann a rís: agus do ċuáiḋ Dáiḃi amaċ, agus do ṫroid sé ris na Ṗilistiniḃ, agus do ṁarḃ sé íad maille re hár mór; agus do ṫeiṫeadar roiṁe.