An té a ttarcuisniġṫear an droċḋuine iona ṡúiliḃ; aċd onóruiġios an dream air a mbí eagla an TIĠEARNA. An té noċ ṁionnuiġios ċum a ḋioġḃála féin, agus naċ malartuiġionn.
Oír, mar ṁaireas an TIĠEARNA, noċ ṡáorus Israel, bíoḋ gur ob ann Ionatan mo ṁacsa atá, do ġeaḃa sé bás go deiṁin. Aċd ní raiḃ duine a measc an ṗobail do ḟreagair é.
Oír do ċuir sé a anum iona láiṁ, agus do ṁarḃ sé an Ṗilistíneaċ, agus do oibriġ an TIĠEARNA tárṫáil ṁór ar Israel uile: do ċonnarc tusa é, agus do ḃí luaṫġaire ort: ar a naḋḃar sin cred fá ndéantá peacaḋ a naġaiḋ fola neiṁċiontuiġe, Dáiḃi ṁarḃaḋ gan ċúis?
Agus do ġoir Ionatan ar ḋáiḃi, agus do ṫaisbéin Ionatan na neiṫesi uile ḋó. Agus ṫug Ionatan Daiḃi ċum Sauil, agus do ḃí ḋá laṫair mar na huáiriḃ roiṁe.