3 Agus raċaiḋ misi amaċ agus seasfuiḋ mé ré taóiḃ maṫar annsa maċaire mar a mbía tusa, agus laiḃeoruiḋ mé rem aṫair dot ṫaoḃsa; agus giḋ bé ní ċífeas mé, inneosa mé ḋuitse é.
Aċ do ḃí dúil ṁór ag Ionatan mac Ṡauil a Ndáiḃi: agus dinnis Ionatan do Ḋáiḃi, gá ráḋ, Atá maṫair Saul ag íarruiḋ do ṁarḃṫa: a nois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair aire ḋuit féin go maidin, agus fan a náit ṡecréidiġ, agus foluiġ ṫú féin:
Go ndéarna an TIĠEARNA mar sin, agus níos roṁó re Ionatan: aċd más í ḃus toíl dom aṫair olc do ḋeánaṁ ḋuit, ansin foillseoċa mé ḋuit é, agus cuirfe mé ar siuḃal ṫú, lé a nimṫeoċa tú a síoṫcáin: agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd, mar do ḃí sé re maṫairse.
Agus a duḃairt Ionatan, Go maḋ fada úaitsi sin: óir dá mbeiṫ a ḟios agamsa go dearḃṫa go mbíaḋ olc dá ṫionnscnaṁ ċugad óm aṫair, a né naċ inneosuinn duit é?