23 ¶ Agus do ċuáiḋ seision ann sin go Naiot a Rámah: agus do ḃí spiorad Dé airsion fós, agus do ġluais roiṁe, agus do ṫairġir sé, nó go ttáinic go Naiot a Rámah.
As iomḋa daóine a deuraiḋ ríum annsa la úd, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, a né naċ ad ainmsi do rinneamar fáiġeadóireaċd? agus ad ainmsi do ṫeilgeamar a maċ na deaṁain? agus do rinneamar iomad míorḃuileaḋ?
Agus bíoḋ go mbeiṫ fáiḋeadóireaċd agam, agus go mbeiṫ fios na nuile ruindíaṁraḋ, agus gaċ uile éolas agam; agus bíoḋ go mbeiṫ an creideaṁ uile agam, ar ġléus go ḃféudfuinn sléiḃte aṫruġaḋ, agus mé ḃeiṫ gan ġráḋ, ní ḃfuil éifeaċd ionnam.
Agus a núair ṫangadar ann sin ċum an ċnoic, féaċ, tárla cuideaċda do ná fáiġiḃ ris; agus ṫaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáiġeadóireaċd mar aon riú.
Agus do ḟreagair áon don náitsin féin, agus a duḃairt. Aċ cía hé a naṫairsion? Uime sin ṫaínic ċum a ḃeiṫ na ṡeanḟocal, An ḃfuil Saul fós a measc na ḃfáiġeaḋ?
¶ Agus tárla ar na ṁáraċ, go ttáinic an droiċspiorad ó Ḋía ar Ṡaul, agus do rinne sé fáiḋeadóireaċd a lár an tiġe: agus do ṡeinn Dáiḃi le na láiṁ mar uáiriḃ oile: agus do ḃí bunnsaċ a láiṁ Ṡauil.
¶ Mar sin do ṫeiṫ Dáil hi, agus do ċuáiḋ as, agus ṫaínic go Samuel go rámah, agus dinnis dó gaċ a ndeárna Saul ris. Agus dimṫiġ sé féin agus Samuel agus do ċoṁnuiġeadar a Naiot.
Agus do ċuir Saul teaċda do ġaḃáil Dáiḃi: agus a nuáir do ċonncadar coṁċruinniuġaḋ na ḃfaiġeaḋ ag fáiġeadóireaċd, agus Samuel na ṡeasaṁ na uáċdarán ós a gcionn, do ḃí spiorad Dé ar ṫeaċduiḃ Ṡául, agus do rinneadarsan fós fáiġeadóireaċd.
Ann sin do ċúaiḋ sé féin mar an gcéadna go Rámah, agus ṫáinic sé go tobar mór atá a Seċu: agus dfíafruiġ sé, agus a duḃairt, Cá háit a ḃfuilid Samuel agus Dáiḃi? Agus a duḃairt áon, Feaċ, atáid a Naiot a Rámah.