Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 19:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus do ċuir Saul teaċda do ġaḃáil Dáiḃi: agus a nuáir do ċonncadar coṁċruinniuġaḋ na ḃfaiġeaḋ ag fáiġeadóireaċd, agus Samuel na ṡeasaṁ na uáċdarán ós a gcionn, do ḃí spiorad Dé ar ṫeaċduiḃ Ṡául, agus do rinneadarsan fós fáiġeadóireaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 19:20
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus tiucfa a ccríċ na ḋiáiġ sin, go ndóirtfiḋ mé mo spiorad air a nuile ḟeóil; agus go ttairrġirfid ḃur mic agus ḃur ninġeana, do ċífid ḃur seandaoine aislinge, do ċífid ḃur nóganuiġ taiḃriġṫe:


Agus do ṫóg Bálaam a ṡúile súas, agus do ċonnairc Israel na ccoṁnuiġe iona lóistíniḃ do réir a ttreaḃa; agus ṫáinic spiorad Dé air.


Do ċúaladar na Ṗairisíniġ an pobal ag monḃar na neiṫeaḋso na ṫimsċeallsan; agus do ċuireadar na Ṗairisíniġ gus uáċdarain na sagart máoir ḋá ġlacaḋ.


Aċd an tí do ní fáiḋeadóireaċd as ré dáoiniḃ laḃrus sé ċum follamnuiġṫe, ċum teaguisg, agus ċum coṁḟurtaċda.


Agus a núair ṫangadar ann sin ċum an ċnoic, féaċ, tárla cuideaċda do ná fáiġiḃ ris; agus ṫaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáiġeadóireaċd mar aon riú.


¶ Do ċuir Saul mar an gcéadna teaċda go tiġ Ḋáiḃi, ḋá ḟaire, agus dá ṁarḃaḋ ar maidin: agus dinnis Miċal bean Ḋáiḃi ḋó é, ġa ráḋ, Muna gcoiṁéaduiġ tú ṫú féin a noċd, muirfiġear ṫú a máraċ.


Agus a nuáir do ċuir Saul teaċda do ġaḃáil Ḋáiḃi, a duḃairt sisi, Atá sé tinn.


Agus do hinnseaḋ do Ṡaul, gá ráḋ, Feúċ, atá Dáiḃi a Náiot a Rámah.


Agus a núair do hinnseaḋ sin do Ṡaul, do ċuir sé teaċda eile uaḋ, agus rinneadarsan fáiġeadóireaċd mar an gcéadna. Agus do ċuir Saul teaċda úaḋ a rís an treas úair, agus do rinneadarsan fós fáiġeadóireaċd


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ