¶ Ann sin do ḟreagradar an cúigear do ċuáiḋ do ḃraṫ ṫíre Lais, agus a duḃradar re na ndearḃráiṫriḃ, An ḃfuil a ḟios aguiḃsi go ḃfuil annsna tiġṫiḃsi eṗod, agus teraṗim, agus ioṁáiġ ġráḃálta, agus íoṁáiġ leaġṫa? anois ar a naḋḃarsin measuiḋ cread atá aguiḃ ré a ḋéanaṁ.
Agus do ċúadar an cúigear súas noċ do ċuáiḋ do ḃraṫ na tíre, agus tangadar a steaċ annsin, agus do ġlacadar a níoṁáiġ ġráḃalta, agus an teṗod, agus an teraṗim, agus a níoṁáiġ leaġṫa: agus do ṡeas an sagart a ndul a steaċ an ġeata maille ris na sé ċéad fear do hórduiġeaḋ le harṁuiḃ cogaiḋ.