Agus ṫugadar ceann Isboset ċum Dáiḃi go Hébron, agus a duḃradar ris an riġ, Féuċ ceann Isboset ṁic Sauil do náṁuid, do ṡir do ḃás; agus do rinne an TIĠEARNA dioġaltus mo ṫiġearna an ríġ a niuġ ar Ṡaul, agus ar a ṡlioċd.
Agus a duḃairt Saul, Mar so déarṫaoi ré Dáiḃi, Ní ḃfuil an ríġ ag íarruiġ croḋ ar biṫ, aċd céad réaṁċroiceann do na Ṗilistíniḃ, do ḋéanaṁ dioġaltais ar náiṁdiḃ an ríġ. Aċd do ṡaóil Saul Dáiḃi ċur do ṫuitim le láiṁ na Ḃṗilistíneaċ.
Agus do ḃí Saul ro ḟeargaċ, agus do ġoill an ċáintsin air go mór; agus a duḃairt sé, Do ċuireadar deiċ mílte a leiṫ Ḋáiḃi, agus niór ċuireadar am leiṫsi aċd mílte: agus cred dob áill léis dfaġáil níos mó aċd an rioġaċd?
Aċ do ḃí dúil ṁór ag Ionatan mac Ṡauil a Ndáiḃi: agus dinnis Ionatan do Ḋáiḃi, gá ráḋ, Atá maṫair Saul ag íarruiḋ do ṁarḃṫa: a nois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair aire ḋuit féin go maidin, agus fan a náit ṡecréidiġ, agus foluiġ ṫú féin:
Agus do ṫeiṫ Dáiḃi ó Naioṫ ann Rámah, agus a duḃairt sé a laṫair Ionatan, Cred do rinne me? cred í mo ċoir? agus cread é mo ṗeacaḋ a ḃfiaġnuise haṫair, as a ḃfuil sé ag íarruiġ mo ḃáis?
Agus a nuair ḟanfas tú trí lá, annsin raċaiḋ tú síos go lúaṫ, agus tiucfa tú gus a naít ionar ḟoluiġ tú ṫá féin a núair do ḃí an ċúis ar siuḃal, agus do ḋéana tú coṁnuiġe ag an ċloiċ Esel.