Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 18:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ḃean Ionatan an róba do ḃí uime féin de, agus ṫug do Ḋáiḃi é, agus a ċulaiḋ, go niuge a ċloiḋeaṁ, agus a ḃoġa, agus a ċrios.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 18:4
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃeán Ṗárao a ḟáinne dá láiṁ, agus do ċuir sé ar láiṁ Ióseṗ é, agus do ċuir sé culaiḋ ṡíoda uime, agus do ċuir slaḃra óir fa na ḃraġuid.


O ḟuil na marḃ, ó ṁéaṫus na gcuṁaċdaċ, nior ḟill boġa Ionatain air ais, agus nior ḟill cloiḋeaṁ Ṡauil folaṁ.


Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.


Criosluiġṫe maille re creasaiḃ air a leasraċ, ag breiṫ ḃárr go hiomarcaċ a néaduiġiḃ ḋaite air a cceannaiḃ, íad uile na bprionnsaḋuiḃ re féuċuin, do réir ṁoḋa Ḃabilóineaċ na Caldeá, tír a mbeirṫe:


Agus a duḃhairt an taṫair ré na ṡearḃoġantaiḃ, Taḃruiḋ an ċuluiḋein is fearr liḃ, agus cuireiḋ uime í; agus cuiriḋ fainne air a láiṁ, agus bróga air a ċosaiḃ:


Oír do rinne seisean air ar soinne, peacaḋ don tí ag náċ raiḃ fios peacaiġ; ionnus go ndéuntaói fíréuntaċd Dé ḋínne annsan.


¶ Agus do éidiġ Saul Dáiḃi le na arm féin, agus do ċuir sé clogad ṗráis air a ċeann; agus do éidiġ sé é mar an gcéadna le lúiriġ.


¶ Agus do ṫíaġ Dáiḃi amaċ giḋ bé ball a gcuireaḋ Saul é, agus do iomċair é féin go glic: agus do ċuir Saul ós cionn a luċd cogaiḋ e, agus do ḃí sé taitneaṁaċ a raḋarc gaċ uile ḋuine, agus mar an gcéadna a raḋarc ṡerḃíseaċ Ṡauil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ