¶ Agus ar ball ar imṫiġ an buaċuill, déiriġ Dáiḃi ón ttaoḃ ó ḋeas, agus do ṫuit ar a aġaiḋ ċum na talṁan, agus do ċrom sé é féin trí huáire: agus do ṗógadar a ċéile, agus do ġuileádar le ċéile, nó gur ṡáruiḋ Dáiḃi.
Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.
As a ndéarnaḃair uile feall am aġaiḋsi, naċ ḃfuil éanduine innseas daṁ go ndéarna mo ṁac ceangal re mac Iesse, agus naċ ḃfuil trúaiġe ag éanduine agaiḃ ḋaṁ, no ḟoíllsíġíos gur ċorruíġ mo ṁác mo ṡearḃḟoġantuiġ am aġaiḋ, do ḃeiṫ am oirċill, mar atá a niuġ?