Agus a duḃradarsan, Do ċoncamair go raiḃ an TIĠEARNA go déiḃin leaċtsa: agus a duḃramar, Bíoḋ a nois mionna eadruinn, eadra sinne agus tusa, agus déunam ceangal riot;
Féuċ, do ḃéura mé air an druing do ṡínagóig Ṡátain, noċ a deir gur Iúdaiġeaḋ íad féin, agus naċ eaḋ, aċd do níd bréug; féuċ, do ḃéura mé orṫa teaċd agus sléuċduin do ḋéunaṁ agad ċosuiḃse, agus biaiḋ a ḟios aca go dtug mise gráḋ ḋuit.
Ar a naḋḃarsin do imṫiġ Dáiḃi, é féin agus a muhinntir, agus do ṁarḃ sé do na Ṗilistiniḃ ḋá ċéad fear; agus ṫug Dáiḃi a réaṁċroicinn leís, agus do ṫaisbeanadar íad go hiomlán don ríġ, ċor go mbíaṫ sé na ċliaṁuin ag an ríġ. Agus ṫug Saul a inġean Miċal dó na mnaói.
Ann sin a duḃairt Saul re Dáiḃi, Go maḋ beannuiġ ḃías tusa, a ṁic a Ḋáiḃi: do ḋeana tú neiṫe móra, agus fós béaruiḋ tú buáiḋ a gcoṁnuiġe. Mar sin dimṫiġ Dáiḃi roiṁe, agus dfill Saul dá áit féin.