Agus do laḃradar searḃḟoġantuiġe Ṡauil na bríaṫrasin a ccluasaiḃ Ḋáiḃi. Agus a duḃairt Dáiḃi, An saóiltíse gur ní súarraċ ḃeiṫ a gcleaṁnus ríġ, do ḃriġ naċ ḃfuilimsi aċd am ḋuine ḃoċd, agus fa ṁeas éattrom?
Agus a duḃairt Saul, Mar so déarṫaoi ré Dáiḃi, Ní ḃfuil an ríġ ag íarruiġ croḋ ar biṫ, aċd céad réaṁċroiceann do na Ṗilistíniḃ, do ḋéanaṁ dioġaltais ar náiṁdiḃ an ríġ. Aċd do ṡaóil Saul Dáiḃi ċur do ṫuitim le láiṁ na Ḃṗilistíneaċ.