Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 18:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus a duḃairt Saul, Do ḃéara mé ḋó í, ċor go mbía sí ná líon dó, agus go mbéid láṁa na Ḃpilistineaċ na aġaiḋ. Uime sin a duḃairt Saul re Dáiḃi, Biáiḋ tú a niuġ ad ċlíaṁuin agam a cceaċdar don dís.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 18:21
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an luċd atá ag tóruiġeaċd ar manam cuirid paintéir roṁam: agus an drong íarrus molc laḃraid urċóid, agus smuainid cealga ar feaḋ an laoi.


Agus a duḃradar muinntir Ṗárao ris, Cá fad ḃías an fearsa na ḋul oruinn? léig do na dáoiniḃ imṫeaċd, ionnus go ndéanuid serḃís don TIĠEARNA a Ndía: naċ ḃfuil a ḟios agad fos gur milleaḋ a Négipt?


An té do ní spleaḋaċus ré na ċoṁarsuin sreaṫuiġ sé líon fa na ċosaiḃ.


Oír do ġeaḃṫar a measg mo ṗobail droċḋaóine: cuirid luiḋeaċ án, aṁuil an té ċuirios lionta; cuirid dul, gaḃuid síad daóine.


Atá a tteanga aṁuil soiġead caite amaċ; a deir sí cluáin: laḃruiḋ duine go síoṫċánta ré na ċoṁarsoin lé na ḃéul, aċt iona ċroiḋe cuiriḋ sé luiḋeaċán air.


¶ Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Féaċ minġean is sine Merab, do ḃéara mé ḋuit í na mnaói: aċd aṁáin bí cróḋa ar mo ṡon, agus troid caṫa an TIĠEARNA: óir a duḃairt Saul, Ná beanaḋ mo láṁsa ris, aċd bioḋ láṁ na Ḃṗilistineaċ air.


¶ Agus do aiṫin Saul dá ṡearḃḟoġantuiḃ, ḋá ráḋ, Labruiḋ ré Dáiḃi go secreideaċ, agus abruiḋ, Féaċ, atá dúil ag an ríġ ionnad, agus gráḋuiġiḋ a ṡerḃísiġ uile ṫú: anois ar a naḋḃarsin bí ad ċlíaṁuin ag an ríġ.


Agus a núair do innisiodar a ṡearḃḟoġantuiġe do Ḋáiḃi na bríaṫrasa, do ṫaitin re Dáiḃi go maiṫ ḃeiṫ na ċlíaṁuin ag an ríġ: agus níor críoċnuiġeaḋ na láeṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ