¶ Agus a duḃairt seision, Is maiṫ sin; do ḋéansa ceangal riot: aċd éinni aṁáin íarrum ort, eáḋon, Ní ḟaicfiḋ tú mo ġnúis, muna ttuga tú Miċal inġean Ṡauil leaċd a ċéaduaír, an tan ṫiucfas tú dom laṫair.
Agus a núair ṫaínic aírc an TIĠEARNA go caṫruiġ Ḋáiḃi, dféaċ Miċal inġean Ṡauil ar ḟuingeóig, agus do ċonnairc sí Dáiḃi ríġ ag leímniġ agus ag daṁsa as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarcuisniġ sí é ann a croiḋe.
¶ Annsin dfill Dáiḃi do ḃeannuġaḋ a ṫeaġluiġ. Agus ṫáinic Miċal inġean Ṡauil amaċ a ccoinne Daḃi, agus a duḃairt sí, Cread é a ġlórṁuire do ḃí ríġ Israel a niúġ, noċ do noċd é féin a naṁarc ċailíneaḋ a ṡerḃíseaċ, mar noċdus áon do na dáoiniḃ díoṁaóin é féin go míonáireaċ!
¶ Anois dob íad mic Ṡaul Ionatan, agus Isui, agus Melċisua: agus dob íad so anmanna a ḋeise inġean; ainm na mná fá sine Mérab, agus ainm na mná dob óige Miċal: