¶ Agus ann sin do ċuáiḋ Dáiḃi ríġ a steaċ, agus do ṡuiġ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA, agus duḃairt sé, Cía misi, a ṪIĠEARNA Día? agus cred é mo ṫiġ, as a ttug tusa mé go nuige so?
Ann sin do ṫuit sisi air a haġaiḋ agus do uṁluiġ sí í féin gus an ttalaṁ, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuáir misi grása ann do raḋarc, as a mbéarṫá aiṫne orum, agus mé am ċoiṁiṫeaċ?
Agus do laḃradar searḃḟoġantuiġe Ṡauil na bríaṫrasin a ccluasaiḃ Ḋáiḃi. Agus a duḃairt Dáiḃi, An saóiltíse gur ní súarraċ ḃeiṫ a gcleaṁnus ríġ, do ḃriġ naċ ḃfuilimsi aċd am ḋuine ḃoċd, agus fa ṁeas éattrom?
Agus do ḟreagair Saul agus a duḃairt, Naċ Beniamíteaċ misi, is luġa do ṫreaḃuiḃ Israel? agus naċ íad mo ṁuinntir is roluġa do ṁuinntearuiḃ ṫreiḃe Beniamin uile? uime sín cred fá laḃrann tú marsin riom?