Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 18:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 ¶ Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Féaċ minġean is sine Merab, do ḃéara mé ḋuit í na mnaói: aċd aṁáin bí cróḋa ar mo ṡon, agus troid caṫa an TIĠEARNA: óir a duḃairt Saul, Ná beanaḋ mo láṁsa ris, aċd bioḋ láṁ na Ḃṗilistineaċ air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 18:17
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do scríoḃ sé annsa litir ġa ráḋ, Cuir Uriah a naġaiḋ an ċaṫa as láidre, agus filliḋ feín uaḋ, ċor go mbuáilfiġear, agus go muirfiġear é.


Créd fár ṫarcuisniġ tú aiṫne an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ uile dá laṫaír? do ṁarḃ tú Uriah an Hititeaċ leis an ccloiḋeaṁ, agus ṫug tú a ḃean da beiṫ na mnáoi agad féin, agus do ṁarḃ tú é le cloiḋeaṁ ċloinne Ammon.


Agus a núair ṫaínic aírc an TIĠEARNA go caṫruiġ Ḋáiḃi, dféaċ Miċal inġean Ṡauil ar ḟuingeóig, agus do ċonnairc sí Dáiḃi ríġ ag leímniġ agus ag daṁsa as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarcuisniġ sí é ann a croiḋe.


Laḃruid síad díoṁaóineas gaċ uile ḋuine re na ċoṁarsuin: le pusaiḃ meaḃlaċa le croiḋe dúbalta laḃruid síad.


Bá bláiṫe bríaṫra a ḃéil ná ím, aċt do ḃí cogaḋ iona ċroiḋe: bá buige a ḟocail ná ola, giḋeaḋ bá cloiḋṁṫe tairrngṫe íad.


An té ḟúaṫuiġios do ní sé blandar le na ṗuisíniḃ, agus taisgiḋ sé cealg a stiġ ann;


A nuáir laḃras sé go breáġḋa, na creid é: óir atáid seaċd naṫḟúaṫṁaireaċta iona ċroiḋe.


An té ḟolċas fúaṫ lé ceilg, foillseoċṫar a olc a ḃfiaḋnuise an ċoṁċruinniġ uile.


Is uime sin a deirṫear a leaḃruiḃ eoguiḋ an TIĠEARNA, Giḋ bé rinne sé san muir Ruáiḋ, agus ag sroṫuiḃ Arnon.


¶ Agus a duḃáirt Maóise riú, Má niṫí an nísi, má ṫig siḃ armṫa roiṁe an TIĠEARNA ċum cogaiḋ,


Aċd raċuid do ṡeirḃísiġ ṫairis, gaċ éanduine armalta ċum an ċogaiḋ, do ċaṫuġaḋ roiṁe an TTIĠEARNA, mar a deir mo ṫiġearna.


Agus a duḃairt Maóise riú, Má ṫiagaid clann Ġad agus clann Réuben liḃ tar Iordan, gaċ éanduine armṫa ċum caṫa, a laṫair an TIĠEARNA, agus go ccloiḋfiġear an tír roṁuiḃ; annsin do ḃearṫáói tír Ġilead ḋoiḃ mar ṡeilḃ:


Biaid láṁa na ḃfíaḋan air ar tús dá ċur ċum báis, agus na ḋiáiġ sin láṁa an ṗobail uile. Marsin ċuirfios tú an olc ar siuḃal uáit gan a ḃeiṫ ḃur measg.


¶ Anois dob íad mic Ṡaul Ionatan, agus Isui, agus Melċisua: agus dob íad so anmanna a ḋeise inġean; ainm na mná fá sine Mérab, agus ainm na mná dob óige Miċal:


Agus a duḃradar muinntir Israel, An ḃfacaḃair an té so ṫáinic suas? go deiṁin is do ṫaḃairt masla Disrael ṫáinic sé súas: agus is aṁluiḋ ḃiás, giḋ bé duine ṁuirfios é, go ndéana an ríġ saiḋḃir é le hiomad máoine, agus go ttiuḃra a inġean dó, agus go ndéana tiġ a aṫar sáor a Nisrael.


Do ṁarḃ do ṡearḃḟoġantuiġ an leoṁan agus an maṫġaṁuin: agus biáiḋ an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġéarrṫasa mar áon aca, ó ṫug sé dúḃṡlán ṡlóiġ Dé ḃí.


Agus biáiḋ a ḟios ag an ccoṁċruinniuġaḋ so uile naċ lé gaṫ nó lé cloiḋeaṁ ṡáorus an TIĠEARNA: (óir ís leis an TTIĠEARNA an caṫ,) agus do ḃéara sé siḃsi ann ar láṁuiḃne.


Agus a duḃairt Saul, Do ḃéara mé ḋó í, ċor go mbía sí ná líon dó, agus go mbéid láṁa na Ḃpilistineaċ na aġaiḋ. Uime sin a duḃairt Saul re Dáiḃi, Biáiḋ tú a niuġ ad ċlíaṁuin agam a cceaċdar don dís.


Agus a duḃairt Saul, Mar so déarṫaoi ré Dáiḃi, Ní ḃfuil an ríġ ag íarruiġ croḋ ar biṫ, aċd céad réaṁċroiceann do na Ṗilistíniḃ, do ḋéanaṁ dioġaltais ar náiṁdiḃ an ríġ. Aċd do ṡaóil Saul Dáiḃi ċur do ṫuitim le láiṁ na Ḃṗilistíneaċ.


Ar a naḋḃarsin do imṫiġ Dáiḃi, é féin agus a muhinntir, agus do ṁarḃ sé do na Ṗilistiniḃ ḋá ċéad fear; agus ṫug Dáiḃi a réaṁċroicinn leís, agus do ṫaisbeanadar íad go hiomlán don ríġ, ċor go mbíaṫ sé na ċliaṁuin ag an ríġ. Agus ṫug Saul a inġean Miċal dó na mnaói.


Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.


¶ Agus a núair ṫainic Dáiḃi go Siclag, do ċuir sé roinn don néadáil ċum sinnséar Iúdah, eaḋon ċum a ċarad, ġá raḋ, Féaċuiḋ ag sin tioḋlacaḋ aguiḃ do ċreíċ náṁad an TIĠEARNA;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ