Mar an gcéadna roiṁe so, a nuáir do ḃí Saul na ríġ ós ar gcionn, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ amaċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃairt an TIĠEARNA riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad ċaiptín os cionn Israel.
Agus anois, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do rinne tú ríġ dot ṡearḃḟoġantuiġ a náit Ḋaiḃi maṫar: agus misi am leanaṁ ḃeag: ní ḟeadair me cionnus do raċuinn amaċ nó do ṫiocfuinn a steaċ.
Oír do bé Mordecai an Iúduiġ dob ḟoicse don ríġ Ahasuerus, agus buḋ mór é a measc na Niúdúiġeaḋ, agus geanaṁuil ag iomadaṁlaċd a ḋearḃráiṫeaċ, ag íarruiḋ maiṫeasa dá ḋaóiniḃ, agus ag laḃairt síoṫċána dá ṡlioċd féin uile.
Noċ ḟéadfas dul amaċ rompa, agus ḟéadfus dul a steaċ rompa, agus noċ ṫreóroċus amaċ íad, agus noċ do ḃéara a steaċ íad; go naċ biáiḋ coṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA mar ċáorċa ag naċ bía áoḋuire.
Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgriobuiḋe láṁa do ċur annsan air a núair sin féin; aċd do ḃi eagla an ṗobuil orrṫa: óir do aiṫneadar gur ab na naġuiḋ fein a duḃairt sé an ċosamblaċdso.
¶ Agus do ṫíaġ Dáiḃi amaċ giḋ bé ball a gcuireaḋ Saul é, agus do iomċair é féin go glic: agus do ċuir Saul ós cionn a luċd cogaiḋ e, agus do ḃí sé taitneaṁaċ a raḋarc gaċ uile ḋuine, agus mar an gcéadna a raḋarc ṡerḃíseaċ Ṡauil.