15 Uime sin a núair do ċonnairc Saul gur iomċair sé é féin go ró ġlic, do ḃí eagla aige roiṁe.
Atá an duine maiṫ grásaṁuil, agus áirleacṫaċ: ceannsoċaiḋ sé a ḃríaṫra le breiṫeaṁnus.
Siúḃluiḋ go héagnuiḋe a dtáoḃ na druinge atá a muíṫ, ar mbeiṫ ḋíḃ ag fúasglaḋ na haimsire.
Agus má atá aóinneaċ aguiḃ a neasḃuiḃ éagua, íarruiḋ í air Ḋía, noċ do ḃeir go fairsing úaḋ do na huiliḃ, agus naċ déun maóiḋeaṁ; agus do ḃéurṫar ḋo í.
Aċd a néagna úd ó neaṁ atá sí glan ar tús, na ḋiáiġ sin síoṫċánta, ceannsuiġ, sóṫeaguisg, lán do ṫrócaire agus do ḋeaġṫórtuiḃ, gan ċláon, gan ḟallas.
¶ Agus do ḃí eagla ar Ṡaul roiṁe Ḋáiḃi, do ċionn go raiḃ an TIĠEARNA maille ris, agus gur imṫiġ sé ó Ṡaul.
Agus do iomċair Dáiḃi e féin go glic iona ṡliġṫiḃ uile; agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris.
Aċ do ġráḋaiġ Israel agus Iúdah uile Dáiḃi, do ċionn go ttéiġeaḋ sé amaċ agus go ttigeaḋ a steaċ rompa.