13 Ar a naḋḃarsin do áṫruiġ Saul uaḋa é, agus do rinne sé a ċaiptín ós cionn ṁíle ḋe; agus do téiġeaḋ sé amaċ agus do ṫigeaḋ sé asteaċ roiṁe an bpobal.
Mar an gcéadna roiṁe so, a nuáir do ḃí Saul na ríġ ós ar gcionn, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ amaċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃairt an TIĠEARNA riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad ċaiptín os cionn Israel.
Agus a duḃairt Saul, Mar so déarṫaoi ré Dáiḃi, Ní ḃfuil an ríġ ag íarruiġ croḋ ar biṫ, aċd céad réaṁċroiceann do na Ṗilistíniḃ, do ḋéanaṁ dioġaltais ar náiṁdiḃ an ríġ. Aċd do ṡaóil Saul Dáiḃi ċur do ṫuitim le láiṁ na Ḃṗilistíneaċ.
Ann sin a duḃairt Saul re na ṁuinntir do ḃí gaċa táoḃ ḋé, Eístiġ anois, a Ḃeniamíteaċa; an ttiuḃra mac Iesse do gaċ aon aguiḃsi maċairiġ agus fineaṁna? a ndéana sé ḋáoiḃ uile caiptiniġ ar ṁíltiḃ, agus caiptíniġ ar ċéaduiḃ?
Agus óirdeoċuiḋ sé ḋó féin caiptíniġ ós cionn ṁílteaḋ, agus caiptíniġ ós cionn ċáogad, agus cuirfe sé íad do ṡáoṫruġaḋ a ḟearuinn, agus do ḃuáin a ḟoġṁair, agus do ḋéanaṁ a ṫrealaṁ cogaiḋ, agus trealaṁ a ċarbad.