Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 18:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 ¶ Agus do ḃí eagla ar Ṡaul roiṁe Ḋáiḃi, do ċionn go raiḃ an TIĠEARNA maille ris, agus gur imṫiġ sé ó Ṡaul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 18:12
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuáiḋ Dáiḃi ar a aġaiḋ, agus dfás sé go mor, agus do ḃí an TIĠEARNA Día na sloġ ris.


Agus do ḃí an TIĠEARNA le Iehosaṗat, do ḃríġ gur ṡiuḃuil sé a ccéidṡlíġṫiḃ a aṫar Dáiḃi, agus nar íarr sé‐ċum Baalim;


Ná teilg mé seaċad od ḟiaġnuise; agus ná beír do spiorad náoṁṫa uáim.


Ann sin do ḃí eagla orra le húaṁan, mar naċ raiḃ eagla: óir do spréiḋ Día a ċnáṁasan noċ do rinne campa ad aġaiḋsi: do náiriġ tú íad, do ḃríġ gur ḋíult Día íad.


Bíoḋ go ttiuḃraidís a cclann súas, ṫairis sin, scoiṫfiḋ misi íad, iondus naċ ḃfágṫar duine ar bioṫ ḋíoḃ: aseaḋ, fós, a ṁairg ḋóiḃ an tan ḋéileoċus misi riú!


Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luċd na láiṁe clí, A ḋáoine malluiġṫe, imṫiḋiḋ úaim ann sa teiniḋ ṡiorruíḋe, atá ar na hullṁuġaḋ don diaḃal agus dá aingliḃ:


Oír do ḃí eagla Eóin ar Iorúaiṫ, ar mbéiṫ a ḟeasa aige gur ḋuine coṁṫrom náoṁṫa é, agus do ċoiṁéd sé é; agus ar néisdeaċd ris, do níoḋ sé mórán, agus do éisdeaḋ sé ris go toileaṁail.


Agus diárradar luċd ċríċe na Ngadarenaċ uile airsion imṫeaċd úaṫa; oír do ḃí eagla ro ṁór orrṫa: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais.


Agus an tan do laḃair sé riu a dtimċeall na firéantaċda, agus na measarrḋaċda, agus an ḃreiṫeaṁnuis atá ag teaċd, ar gcrioṫnuġaḋ Dfélics, a duḃairt sé, Imṫiġ roṁad a nois; agus a núair ḃías úain agamsa air, cuirfiḋ mé fios ort.


Agus ar ngaḃáil ṫnúiḋ, do na patriarcuiḃ, do reacadar Ióseṗ don Eigipt: agus do ḃí Día maille ris,


Agus do ḃí an TIĠEARNA re Iúdah; agus do ḋíbir sé amaċ áitreaḃuiġ an tsléiḃe; aċd níor ḟéad sé áitreaḃuiġ an ġleanna do ḋíbirt, do ċionn go raiḃ carbuid íaruinn aca.


Agus a duḃairt sí, Ataíd na Ṗilistíniġ ort, a Ṡamson. Agus do ṁúscail seision as a ċedlaḋ, agus a duḃairt sé, Raċaiḋ mé amaċ mar uairiḃ eile roiṁe, agus croiṫfiḋ mé mé féin. Agus níor ḃfeas dó gur imṫiġ an TIĠEARNA úaḋ.


Ann sin do ḟreagair aon do na serḃíseaċaiḃ, agus a duḃáirt, Féuċ, do ċonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteaċ, noċ atá eólaċ a seinm, agus na ḋuine ro láidir ġaisgeaṁuil, agus na ḟear cogaiḋ, agus glic a ccúisiḃ, agus na ḟear sgíaṁaċ, agus atá an TIĠEARNA maille rís.


Agus do rinne Samuel gaċ ní da nduḃairt an TIĠEARNA, agus ṫáinic se go Betlehem. Agus do ċrioṫnuiġeadar sinnsir an ḃaile re na ṫeaċd, agus a duḃradar, An go síoṫċánta ṫig tusa?


Uime sin a núair do ċonnairc Saul gur iomċair sé é féin go ró ġlic, do ḃí eagla aige roiṁe.


¶ Agus do ġráḋuiġ Miċal inġean Ṡauil Dáiḃi: agus do innsiodar sin do Ṡaul, agus do ṫaitin an ní sin ris.


Agus fós bá móide eagla Ṡauil roiṁe Ḋáiḃi sin; agus ṫainic Saul ċum a ḃeiṫ na náṁuid ag Daiḃi a gcoṁnuiḋe.


Go ndéarna an TIĠEARNA mar sin, agus níos roṁó re Ionatan: aċd más í ḃus toíl dom aṫair olc do ḋeánaṁ ḋuit, ansin foillseoċa mé ḋuit é, agus cuirfe mé ar siuḃal ṫú, lé a nimṫeoċa tú a síoṫcáin: agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd, mar do ḃí sé re maṫairse.


Agus a duḃairt Saul ris, Cred far ṫionnsguinn tusa feall am aġaiḋsi, ṫú féin agus mac Iesse, do reír mar ṫug tú arán dó, agus cloiḋeaṁ, agus gur ḟíofruiġ tú do Ḋía air a ṡon, ionnus go néireoċaḋ sé am aġaiḋsi, agus go mbíaḋ ag oirċill orum, mar atá a niuġ?


¶ Agus a duḃairt Samuel re Saul, Cred far ḃúaiḋir tú mé, dom ġairm a níos? Agus do ḟreagair Saul, Atáim ro ḃuáiḋearṫa; óir atáid na Ṗilistiniġ ag déanaṁ cogaḋ am aġaiḋ, agus do ḋealuiġ Día riom, agus ní ḟreagrann sé mé níos mó, lé fáíġiḃ, nó le fisiḃ: uime sin do ġoir mé ortsa, go nínnéostá ḋaṁ cred ḋéanas mé.


¶ Agus dfás Samuel, agus ḃí an TIĠEARNA maille leis, agus níor leig aonḟocal dá ċoṁráḋ tuitim ċum na talṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ