Agus do ċuáiḋ Dáiḃi amaċ na ccoinne, agus do ḟreagair agus a duḃairt sé riú, Ma ṫangaḃair ċugamsa go síoṫċánta do ċongnaṁ liom, biáiḋ mo ċroiḋe snaoḋmṫa riḃ: aċd más dom ḃraṫ dom naṁuid ṫangaḃair, ó naċ ḃfuil éagcoír ar biṫ am láṁuiḃsi, go ḃféuċuiḋ Día ar naiṫreaḋ airsin, agus go spreaguiḋ sé é.
¶ Má ḃrostuiġionn do ḋearḃraṫair ṫú, mac do ṁaṫar, nó do ṁac féin, nó hinġion, nó bean hoċda, nó do ċaruid, ḃias ḋuit mar hanum féin, go secréideaċ, ḋá ráḋ, Gluaisiom agus déanum seirḃís do ḋéeiḃ oile, naċ ar ḃfeas duit féin nó dot aiṫriḃ;
Ionnus go mbíaḋ sólás air ccroiḋṫiḃ, ar mbeiṫ ḋóiḃ dluṫuiġe ré ċéile a ngráḋ, agus a nuile ṡaiḋḃrios ṡáirḋearḃṫaċd tuisge, ċum éolais rúindíaṁra Dé, eaḋon a Naṫar, agus Críosd;
Agus a duḃradar an pobal re Saul, An ḃfuiġe Ionatan bás, noċ do oibriġ an tárṫáil ṁórso ann Israel? Nar léigiḋ Día: mar ṁaireas an TIĠEARNA, ní raċaiḋ ruibe do ġruáig a ċinn ċum talṁan; óir do oibriġ sé le Día a niuġ. Mar sin do ḃeanadar an pobal Ionatan amaċ, naċ ar cuireaḋ ċum báis é.
Aċ do ḃí dúil ṁór ag Ionatan mac Ṡauil a Ndáiḃi: agus dinnis Ionatan do Ḋáiḃi, gá ráḋ, Atá maṫair Saul ag íarruiḋ do ṁarḃṫa: a nois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair aire ḋuit féin go maidin, agus fan a náit ṡecréidiġ, agus foluiġ ṫú féin:
Ar a naḋḃarsin do ġeaḃṫar go maiṫ ar do ṡeirḃíseaċ ṫú; óir ṫug tú do ṡeirḃíseaċ do ḋéanaṁ cunnarṫa riot ann sa TIĠEARNA: giḋeaḋ, matá olc ionnamsa, marḃ féin mé; cred fá mbéartá ċum haṫar mé?
As a ndéarnaḃair uile feall am aġaiḋsi, naċ ḃfuil éanduine innseas daṁ go ndéarna mo ṁac ceangal re mac Iesse, agus naċ ḃfuil trúaiġe ag éanduine agaiḃ ḋaṁ, no ḟoíllsíġíos gur ċorruíġ mo ṁác mo ṡearḃḟoġantuiġ am aġaiḋ, do ḃeiṫ am oirċill, mar atá a niuġ?