50 Mar sin do ḃúaḋuiġ Dáiḃi ar an Ḃṗilistineaċ lé crann táḃuill agus lé cloiċ, agus do ḃuáil sé an Ṗilistineaċ, agus do ṁarḃ sé é; aċd ní raiḃ cloiḋeaṁ ar biṫ a láiṁ Ḋáiḃi.
¶ Agus na ḋíaiġsin do ḃí Samgar ṁac Anat, noċ do ṁarḃ do na Ṗilistíneaċaiḃ sé ċeúd fear le cleiṫprioca daṁ: agus do ṡáor seision Israel mar an gcéadna.
Ionnus go ttárla ḋóiḃ a ló an ċaṫa, naċ fríṫ cloiḋeaṁ nó gaṫ a laíṁ éanduine don ṗobal dá raiḃ a ḃfoċair Ṡauil agus Ionatan: aċd ag Saul agus ag Ionatan a ṁac.
Agus do ġaḃ Dáiḃi a ċloiḋeaṁ ar úaċdar a éidiġ, agus do ṫionnscuin sé siubbal; óir níor ċleaċd sé é. Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Ní ḟeaduímsi siuḃal iontaso; óir níor ċleaċt mé íad Agus do ċuir Dáiḃi ḋe íad.
Agus do ċuir Dáiḃi a láṁ iona ṁála, agus ṫug cloċ as, agus do ċaiṫ í as a ċranntáḃuill, agus do ḃuáil an Ṗilistineaċ iona éadan, iondus go ndeaċaiḋ an ċloċ iona éadan; agus do ṫuit sé ar aġaiḋ ċum na talṁan.
Uime sin do riṫ Dáiḃi, agus do ṡeas súas ar an Ḃṗilistineaċ, agus do ġlac a ċloiḋeaṁ, agus do ṫarruing amaċ as a ḋúbla é, agus do ṁarḃ an Ṗilistineaċ, agus da ḃain a ċeann de leis. Agus a núair do ċonncadar na Ṗílistiniġ go raiḃ a ngaisgiḋeaċ marḃ, do ṫeiṫeadar.
Oír do ċuir sé a anum iona láiṁ, agus do ṁarḃ sé an Ṗilistíneaċ, agus do oibriġ an TIĠEARNA tárṫáil ṁór ar Israel uile: do ċonnarc tusa é, agus do ḃí luaṫġaire ort: ar a naḋḃar sin cred fá ndéantá peacaḋ a naġaiḋ fola neiṁċiontuiġe, Dáiḃi ṁarḃaḋ gan ċúis?
Agus a duḃairt an sagart, Cloiḋeaṁ Ġoliah an Ṗilistineaċ, noċ do ṁarḃ tusa a ngleann Elah, féuċ, atá sé annso casda a néadaċ taoḃ ṡíar don néṗod: maḋ áill leaċdsa sin do glacaḋ, beir leaċd é: óir ní ḃfuil aiṫearraċ annso. Agus a duḃairt Dáiḃi, Ní ḃfuil a leiṫeid eile ánn; taḃair ḋaṁ é.