Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 17:47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Agus biáiḋ a ḟios ag an ccoṁċruinniuġaḋ so uile naċ lé gaṫ nó lé cloiḋeaṁ ṡáorus an TIĠEARNA: (óir ís leis an TTIĠEARNA an caṫ,) agus do ḃéara sé siḃsi ann ar láṁuiḃne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 17:47
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus dfill sé ċum óglaiċ Dé, é féin agus a ċuideaċa uile, agus ṫáinic, agus do ṡeas sé dá laṫair: agus a duḃairt sé, Féuċ, anois aiṫniġim naċ ḃfuil Día air biṫ air an ttaluṁ uile, aċd a Nisrael: anois ar a naḋḃarsin, guiḋum ṫú, glac tioḋlacaḋ ód ṡearḃḟoġantuiġ.


Agus déiġ Asa air A ṪIĠEARNA Día, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA, as beag agadsa caḃair do ṫaḃairt, ceaċtar acá lé móran, nó luċd gan neart: taḃair ḋúinne caḃair, a ṪIĠEARNA ar Ndía; óir is ort ċuirmid sinn féin, agus an ṫainmsi ṫeiġmid á naġaiḋ a niomudse. O a ṪIĠEARNA, is tú ar Ndía; ná beireaḋ duine búaiḋ órt.


Atá TIĠEARNA na sloġ linn; atá Día Iácob na ro ḋidean aguinn. Selah.


Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.


Aċt biáiḋ truáiġe agum do ṫiġ Iúdah, agus tárrṫeċa mé íad maille ris an TTIĠEARNA a Ndía, agus ní lé bóġa, nó lé cloiḋeaṁ, ṫárrṫoċus mé íad, nó lé caṫ, nó lé heaċaiḃ, nó lé marcslúaġ.


Annsin do ḟreagair seision agus do laḃair sé riomsa, ag ráḋ, Ise so briaṫar an TIĠEARNA re Serubbabel, ag ráḋ, Ní lé slúaġ, nó lé cuṁaċdaiḃ, aċt lé mo spioraidse, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Uime sin créd a déaram fa na neiṫiḃsi? Ma atá Día linn, cia ḟéadus ḃeiṫ ar naġuiḋ?


Aċd, buáiḋemíd ionnta so uile trés an té do ġráḋuiġ sinn.


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Ná heagluiġṫear ṫú rompa: óir do ṡeaċuid misi ad laiṁ íad; ní ṡeasfa duine ḋíoḃ roṁad.


Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.


¶ Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Féaċ minġean is sine Merab, do ḃéara mé ḋuit í na mnaói: aċd aṁáin bí cróḋa ar mo ṡon, agus troid caṫa an TIĠEARNA: óir a duḃairt Saul, Ná beanaḋ mo láṁsa ris, aċd bioḋ láṁ na Ḃṗilistineaċ air.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ