¶ Agus do ġlac Rispah inġean Aiah saicéadaċ, agus do leaṫnuiġ ḋi féin é ar an gcarruic, ó ṫosaċ an nfóġṁair nó gur ṡil uisge orra ó neaṁ, agus níor ḟuiling deanlaiṫ an naiéir ttuirling orra sa ló, nó daínṁintiḃ an ṁaċaire san noiḋċe.
Do ḃéara misi íadsan a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na druinge íarrus a mbás: agus biáiḋ a ccuirp ṁarḃa mar ḃíaḋ ag éanlaiṫ a naiéir, agus ag beaṫaċaiḃ na talṁan.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
A ṁic an duine, abair re prionnsa Ṫírus, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur tógḃaḋ súas do ċroiḋe, agus go nduḃairt tú, Is Día misi, suiġim a nionad Dé, a lár na ḃfairgeaḋ; giḋeaḋ is duine ṫú, agus ní Día, gioḋ go suiġionn tú do ċroiḋe aṁuil croiḋe Dé.
Agus do ċonnairc mé aingeal áiriġe na ṡeasaṁ sa ngréin; noċ do éiġ do ġúṫ árd, ag ráḋ ris na huile éunlaiṫ do ḃí ag eitealluiġ a lár neiṁe, Tigiḋ agus cruinniġṫear siḃ ċum suipéir an Dé ṁóir;
Agus do ḟreagradar muinntir an ġárda Ionatan agus fear iomċair a airm, agus a duḃradar, Tigiḋ súas ċugainne, agus taisbeanfam ní ḋíḃ. Agus a duḃairt Ionatan re fear iomċair a airm, Tárr súas am ḋiáiġ: óir do ṫoirḃir an TIĠEARNA a láiṁ Israel íad.
A muġ ḃéaras an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi; agus buáilfiḋ mé ṫú, agus beanfaiḋ mé do ċeann díot: agus do ḃéara me anúiġ conablaċa ṡluáiġ na Ḃṗilistineaċ déanlaiṫiḃ a naieir, agus do ḃeaṫaċaiḃ allta an ṁaċaire; ċor go mbía a ḟios ag an doṁan uile go ḃfuil Dia a Nisrael.