Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosuá, Sín amaċ an gaṫ atá ad láiṁ a naġaiḋ Ai; óir do ḃéara misi ad láiṁ í. Agus do ṡín Iosua an gaṫ do ḃí iona laíṁ deaṫ ris an ccaṫruiġ.
Agus do ġlac sé a ḃata iona láiṁ, agus do ṫoġ ḋó féin cúig cloċa bláiṫe as a naḃuinn, agus do ċuir íad a mála áoḋaire noċ do ḃí aige, eaḋon a ttiáiċ; agus do ḃí a ċrann táḃuill na láiṁ: agus do ġluáis mar a raiḃ an Ṗilistíneaċ.
Agus ba cosṁuil crann a ġaṫ re garmain fíġeadóra; agus do ċoṁṫromuiḋ ceann a ġaṫ sé ċéad secel íarruinn: agus óglaċ ag iomċar a scéiṫe ag gaḃáil roimbe.