Agus do ṁarḃ sé Egipteaċ, duíne mor, ann a raiḃ cúig cuḃaid ar airde; agus gaṫ a láiṁ a Négiptiġ mar ġarmuin fiġeadóra; agus do ċuáiḋ sé síos ċuige lé bata, agus do ṫarruing an gaṫ as láiṁ an Négiptiġ, agus do ṁarḃ é le na ġaṫ feín.
¶ Giḋeaḋ do scrios misi an Tamoríteaċ rompa, a raiḃ a áirde cosṁuil le háirde cedair, agus do ḃí laidir aṁuil na dairġiḃ; giḋeaḋ do scrios mé a ṫoraḋ a núas, agus a ḟréaṁa fáoi.
Oír do bé Og riġ Básan aṁáin do ṁair dtuiġioll na naiṫeaċ; féuċ, do ḃí a leaba na leaba híarann; naċ ḃfuil sí a Rabbat ċloinne Ammon? náoi ccuḃaid do ḃí na fad, agus ceiṫre cuḃaid na leiṫead, do réir ċuḃad fir.
Agus fan nam a raiḃ ag coṁráḋ riú, féuċ, ṫaínic súas an gaisgiḋeaċ, (an Ṗilistíneaċ ó Ġát, dar ḃainm Goliah), amaċ as sluaġ na Ḃṗilistíneaċ, agus do laḃair do réir na mbriaṫar gcéadna: agus do ċúaluiḋ Dáiḃi íad.