I Samuel 17:36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)36 Do ṁarḃ do ṡearḃḟoġantuiġ an leoṁan agus an maṫġaṁuin: agus biáiḋ an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġéarrṫasa mar áon aca, ó ṫug sé dúḃṡlán ṡlóiġ Dé ḃí. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Aċt dárduiġis ṫú féin a naġaiḋ Ṫiġearna neiṁe; agus ṫugadar soiġṫiġe a ṫiġe ann ṫfíaġnuisi, agus diḃ tusa, agus do ṫiġearnaḋa, do ṁná, agus do leannáin, fíon asda; agus do ṁol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiċe, naċ ḃfaicionn, naċ ccluin, agus naċ feasaċ: agus ní ṫug tú glóir do Ḋía, a láiṁ a ḃfuil hanál, agus gur leis huile ṡliġṫe:
An sin a duḃaírt Saul re fear iomċarṫa a airm, Tarruing do ċloiḋeaṁ, agus saiṫ ṫríomsa é; deagla go dtiucfaḋ an drong neíṁṫimċillġéarrṫasa agus go muirtidís mé, agus go ndéanaidís sgige fúm. Aċ níor ḃáill le fear iomċarṫa a airm; óir do ḃí sé lán deagla. Uimesin do ġlac Saul cloiḋeaṁ, agus do ṫuit sé air.