35 Agus do ċúaiḋ misi amaċ na ḋiaiġ, agus do ḃuáilios é, agus do ḃean mé as a ḃéul é: agus a núair do éiriġ sé am aġaiḋ, rug me ar ṫéasóig air, agus do ḃuáilios é, agus do marḃus é.
Agus Benaiah mac Iehoiada, mac duine ċurata, ó Ċabseel, noċ do rinne móirġnioṁa, do ṁarḃ sé días fear leoṁanta do Ṁóab: do ċuáiḋ sé síos mair an gcéadna agus do ṁarḃ sé leoṁan a lár cuife an aimsir ṡneaċda:
Do ċuir mo Ḋía a aingiol, agus do ḋruid sé béil ná leoṁan, iondus nar ġortuiġeadar mé: do ḃríġ gur fríṫ neiṁċionta ionnam dá laṫair; agus fós ad ḟiaġnuisisi, a ríġ, ní ḋéarna mé urċóid ar biṫ.
Marso a deir an TIĠEARNA: Mar ḃeanas an taóḋaire as béul an leoṁuin ḋá ċois, no cuid do ċluáis; is marsin beanfuiġear clann Israel amaċ ċoṁnuiḋeas a Samária a ccoirnéul leabṫa, agus an Damascus a ccúil leabṫa.