An ṁéid do ṁarḃadar na beaṫuiġ, ní ṫug mé ċugadsa é, is orum féin do ḃí a ḋul a muġa: as mo láiṁsi do íarr tusa é, má gadaḋ sa ló, nó má ġadaḋ sa noiḋċe é.
Oír, atá a ḟios agadsa (ar sa Ċusai,) go ḃfuil haṫair, agus a ḋaoíne na ḃfearuiḃ cróḋa, agus go ḃfuilid air lasaḋ na ninntin, mar ṁaṫġaṁuin do ċoillfeaḋ a cuiléin sa maċaire: agus fear cogaiḋ haṫair, agus ní ċoiṁneoċa se a noċd a ḃfoċair an ṗobail.
Agus Benaiah mac Iehoiada, mac duine ċurata, ó Ċabseel, noċ do rinne móirġnioṁa, do ṁarḃ sé días fear leoṁanta do Ṁóab: do ċuáiḋ sé síos mair an gcéadna agus do ṁarḃ sé leoṁan a lár cuife an aimsir ṡneaċda:
Benaiah ṁac Iehoiada, mac duine nearṫṁur do Ċabseel, noċ do rinne iomad gníoṁraḋ; do ṁarḃ sé días fear leoṁanta do Ṁóab: do ċúaiḋ sé síos mar an ccéadna agus do ṁarḃ sé leoṁan á cclais lá sneaċda.
Aṁuil lórgairios áoḋaire a ṫréud annsa lo a mbí sé a measc a ċáoraċ ṫéid ar seaċrán; marsin lóirgeoradsa mo ċáoiriġ, agus sáorfa mé íad as na huile áitiḃ ionar scánnruiġeaḋ íad annsa ló néullaċ ḋorċa.
Marso a deir an TIĠEARNA: Mar ḃeanas an taóḋaire as béul an leoṁuin ḋá ċois, no cuid do ċluáis; is marsin beanfuiġear clann Israel amaċ ċoṁnuiḋeas a Samária a ccoirnéul leabṫa, agus an Damascus a ccúil leabṫa.
Oír, féuċ, tóigfe misi áoḋaire súas annsa tír, naċ ḃféuċfa air an luċt atá geárrṫa amaċ, naċ mó íarrfas sé an tóg, naċ leiġeasuiġ an ní ḃías briste, naċ beaṫoċuiḋ an ní ṡeasann: aċd íosuiġ sé feóil na mbeaṫaċ méiṫ, agus réubfa sé a ccrúba na mbloḋuiḃ.
Agus ḃéara mé a ḟuil as a ḃéul, agus a gráineaṁlaċd ó idir a ḟíaclaiḃ: aċt an té ṁairfios, biáiḋ seision ar son ar Ndéine, agus biáiḋ sé aṁuil úaċtarán ann Iúdah, agus Ecron aṁuil Iebusíteaċ.
Agus bá cosṁuil an tainṁiḋe do ċonnairc mé ré liopard, agus bá cosṁuil a ċosá ré cosuiḃ ṁaṫġaṁuin ṁóir, agus bá cosṁuil a ḃéul ré béul leoṁain: agus tug an dragún a neart féin, agus a ċaṫaóir, agus cúṁaċda móra ḋó.
Agus ṫáinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ air, agus do réub sé e mar do réabfaḋ meannán, agus ní raiḃ éinní aige iona laíṁ: aċd níor innis dá aṫair nó ḋá ṁaṫair cred do rinne sé.
Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Ni bḟeidir leat dul an aġaiḋ an Ḃfilistineaċsa ċum troda ris: oir ní ḃfuíl ionnad aċd ógánaċ, agus eision na ḟear coguiḋ ó na aois óig.
Agus do ċúaiḋ misi amaċ na ḋiaiġ, agus do ḃuáilios é, agus do ḃean mé as a ḃéul é: agus a núair do éiriġ sé am aġaiḋ, rug me ar ṫéasóig air, agus do ḃuáilios é, agus do marḃus é.