Abruiḋ ris a ndroing agá ḃfuil croiḋe eaglaċ, Bíṫí láidir, ná himeagluiġiḋ: féuċuiḋ, tiucfaiḋ ḃur Ndía lé dioġaltas, tiucfaiḋ Dia lé luáiḋeaċd; tiucfa sé agus sáorfa sé siḃ.
Agus abair ris, Haire ḋuit, agus bí suáiṁneaċ; ná bioḋ eagla ort, agus ná bí lagċroiḋṫeaċ ar son ḋá earball án dá aiṫinne deatuiġsi, ar son feirge Resin maille re Síria, agus mac Remaliah.
Agus gioḋ gur ṡocruiġ Caleb an pobal a laṫair Ṁaóise, agus a duḃaírt sé, Déanam súas a néinḟeaċd, agus sealḃuiġeam é; óir atámáod cumusaċ air a ḃuain amaċ.
Aṁáin ná héirġiḋsi a ccogaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus ná bíoḋ eagla oruiḃ roiṁ ḋáoiniḃ na tíre; óir is arán dúinne íad: do ḋealuiġ a ccuṁdaċ riú, agus atá an TIĠEARNA linne: ná bíoḋ a neagla oruiḃ.
Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋaṁ an slíaḃso, dar laḃair an TIĠEARNA san lásin; óir do ċúala tú an lá sin mar do ḃádar na Hanacimiġ annsin, agus go raḃadar na caiṫreaċa mór daingion: má ḃíonn an TIĠEARNA liom, tiucfa ḋíom ar a ccur amaċ, mar a duḃairt an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.
Ann sin do ḟreagair aon do na serḃíseaċaiḃ, agus a duḃáirt, Féuċ, do ċonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteaċ, noċ atá eólaċ a seinm, agus na ḋuine ro láidir ġaisgeaṁuil, agus na ḟear cogaiḋ, agus glic a ccúisiḃ, agus na ḟear sgíaṁaċ, agus atá an TIĠEARNA maille rís.