Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 17:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus do laḃair Dáiḃi ris na dáoiniḃ, do ṡeas láiṁ ris, ġá ráḋ, Cred do ḋéantar ris an té ṁarḃus an Ṗilistineaċsa, agus ṫóigfeas a ṁioċlú do Israel? óir cía hé an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġeárrṫasa, asa ngreinneoċaḋ sé slúaġ Dé ḃí?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 17:26
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do bféidir go ccluinfeaḋ do ṪIĠEARNA Día bríaṫra Rabsaceh uile, noċ do ċuir ríġ na Hassíria a ṁáiġistir daiṫiseaḋ an Dé ḃí; agus go nimḋeargfaḋ na bríaṫra noċ do ċúala do ṪIĠEARNA Día: uimesin tóg súas do ġuiḋe ar son an nfuiġill do fágḃaḋ.


Do scríoḃ sé litreaċa mar an ccéadna do ċáineaḋ an TIĠEARNA Dia Israel, agus do laḃairt iona aġaiḋ, ġa ráḋ, Mar nar ṡáoradar deé na ccríoċ oile a ndáoine as mo láiṁsi, is marsin naċ sáorfuiḋ Día Heseciah a ḋaoine as mo láiṁ.


Agus mar an ccéadna a duḃairt mé, Ni maiṫ an ní do níṫí: naċ ar ċóir ḋíḃse siuḃal a neagla ar Ndé do ḃríġ masla na ngeinteaḋ ar náṁad?


Do ní tú scannail dar ccoṁarsanuiḃ ḋínn, tarcuisne agus magaḋ don luċd atá fá ccuáirt ar ttimċioll.


Cuiṁniġ so, a ṪIĠEARNA, gur scannluiġ an náṁuid, agus gur ṫarcuisniġeadar na daóine leaṁa hainm.


Agus taḃair dar ccoṁarsanaiḃ a ṡeaċd noirid iona mbrollaċ a scannail féin, re ar scannluiġeadar ṫusa, a ṪIĠEARNA.


Cía scannluiġ tú agus cía ṁasluiġ tú; agus cía a naġaiḋ ar árduiġ tú do ġuṫ, agus ar ṫóg tú do ṡúile súas go hárd? eaḋon a naġaíḋ Aóin Náoṁṫa Israel.


Aċt isé an TIĠEARNA an Día fíre, isé an Día biṫḃéo, agus an ríġ siorruiḋe é: crioṫnoċuiḋ sé an talaṁ re na ḟeirg, agus ní ḟéadfuid na geinte a a ṁíċéadfa dfúlang.


¶ Féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona smaiċteoċa misi a nuile ṫimċillġéarrṫa maille ris an neiṁṫimċillġéarrṫa;


Egipt, agus Iúdah, agus Edom, clann Ammon, agus Móab, agus a núile ḋúine da ḃfuil annsna brúaċuiḃ imċíana, áitreaḃas annsa ḃfásaċ: óir atáid na cineaḋaċa uile neiṁṫimċillġéarrṫa, agus tiġ Israel uile gan tímċillġearraḋ annsa ccroiḋe.


Eugfa tú bás na neiṁṫimċillġeárrṫa lé láiṁ an ċoiṁṫiġiḋ: oir do laḃair misi é, a déir an Tiġearna DIA.


Aċt dárduiġis ṫú féin a naġaiḋ Ṫiġearna neiṁe; agus ṫugadar soiġṫiġe a ṫiġe ann ṫfíaġnuisi, agus diḃ tusa, agus do ṫiġearnaḋa, do ṁná, agus do leannáin, fíon asda; agus do ṁol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiċe, naċ ḃfaicionn, naċ ccluin, agus naċ feasaċ: agus ní ṫug tú glóir do Ḋía, a láiṁ a ḃfuil hanál, agus gur leis huile ṡliġṫe:


Sáoruiḋ sé agus tárṫuiġiḋ sé, agus oibriġiḋ sé coṁarṫaḋa agus ionganta a ḃflaiṫeaṁnus agus annsa talaṁ, noċ do ṡáor Dániel ó ċuṁaċd na leoṁan.


¶ O a Ṫiġearna, do réir huile ḟíréantaċd, íarruim daṫċuinġe ort, filltear ar ais ṫfearg agus ṫfíoċṁaireaċd ó do ċaṫruiġ Ierusalem, do ṡlíaḃ náoṁṫa: do ḃríġ gurob ar son ar bpeacuiġne, agus ar son éigceart ar naiṫreaḋ, atá Ierusalem agus do ṗobal na scannail do nuile dá ḃfuil gaċa táoḃa ḋínn.


Fós, freagóruiḋ an TIĠEARNA agus déaruiḋ re na ṗobal, Féuċ, cuirfe mé arḃar, agus fíon, agus ola ċugaiḃ, agus beiṫí sáiṫeaċ leis: agus ní ḋéana mé masla ḋíḃ ní sa ṁó a measg na ngeinteaḋ:


Oír cía atá ann do nuile ḟeóil, noċ do ċúaluiḋ guṫ Dé ḃí ag laḃairt amaċ as lár na teineaḋ, mar do ċúalamairne, agus ṁair?


Oír foillsiġid féin oruinn, cionnas do ċúaḋmar a steaċ ċuguiḃse, agus an gléus air ar ḟill siḃsé ó íoḋaluiḃ ċum Dé ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃéo ḟírinneaċ;


Agus a duḃairt Iosua, Is leis so aiṫeantáoi go ḃfuil an Día beó ḃur measc, agus go tteilgfe sé amaċ gan ḟailliġe na Cananítiġ, agus na Hititiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Perisitiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Iebusítiġ.


Aċd atá a ḟios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse ḋúinn, ris an Día ḟíre daiṫniuġaḋ, agus atamuid sa Día ḟíre sin, ann a Ṁac Iósa Críosd. A sé so an fír-Ḋía, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Agus do ḟreagair Nahas an Tammoniteaċ íad, Ar an naċdso do ḋéana mé cunraḋ riḃ, ḃur súile deasa uile do ḃuáin asuiḃ, agus a dtaḃairt mar ṁasla Dísrael uile.


Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.


Agus a duḃairt an Ṗilistíneaċ, Beirimse duḃṡlán ṡlóiġ Israel fúm a niuġ; cuirdís ċugam duine, go ttroidmís ré ċéile.


¶ Agus do ḟill sé úaḋ go duine eile, agus a duḃairt ar an moḋ ccéadna: agus do ḟreagradar cáċ é do réir an ċéadṁoḋa.


Do ṁarḃ do ṡearḃḟoġantuiġ an leoṁan agus an maṫġaṁuin: agus biáiḋ an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġéarrṫasa mar áon aca, ó ṫug sé dúḃṡlán ṡlóiġ Dé ḃí.


An sin a duḃaírt Saul re fear iomċarṫa a airm, Tarruing do ċloiḋeaṁ, agus saiṫ ṫríomsa é; deagla go dtiucfaḋ an drong neíṁṫimċillġéarrṫasa agus go muirtidís mé, agus go ndéanaidís sgige fúm. Aċ níor ḃáill le fear iomċarṫa a airm; óir do ḃí sé lán deagla. Uimesin do ġlac Saul cloiḋeaṁ, agus do ṫuit sé air.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ