Agus do hinnseaḋ sin do ṫiġ Ḋáiḃi, ġa ráḋ, Atá Síria ceangailte re Heṗraim. Agus do corruiġeaḋ a ċroiḋe, agus croiḋe a ṗobail, mar ċorruíġṫear crainn na coilleaḋ leis an ngaoiṫ.
Agus cuirfe mé loige a gcroiḋṫiḃ an ṁeid ḟúicfíġear beó aguiḃ a ccríoċuiḃ a náṁad; agus cuirfe torann an duílleaḃair a tteiṫeaṁ íad; agus teiṫfid, mar do ṫeiṫfidís roiṁe cloiḋeaṁ; agus tuitfid a nuáir naċ bía éanduine ḋá leánṁuin.
Agus do ċoncamar annsin aiṫiġ, mic Anac, a ṫig úaṫ na faṫiġiḃ: agus du ḃámairne ann ar raḋarc féin mar ḋreóllánuiḃ teasbuiḋ, agus do ḃámar ann a raḋarcsion fós mar án gcéadna.
Agus fan nam a raiḃ ag coṁráḋ riú, féuċ, ṫaínic súas an gaisgiḋeaċ, (an Ṗilistíneaċ ó Ġát, dar ḃainm Goliah), amaċ as sluaġ na Ḃṗilistíneaċ, agus do laḃair do réir na mbriaṫar gcéadna: agus do ċúaluiḋ Dáiḃi íad.
Agus a duḃradar muinntir Israel, An ḃfacaḃair an té so ṫáinic suas? go deiṁin is do ṫaḃairt masla Disrael ṫáinic sé súas: agus is aṁluiḋ ḃiás, giḋ bé duine ṁuirfios é, go ndéana an ríġ saiḋḃir é le hiomad máoine, agus go ttiuḃra a inġean dó, agus go ndéana tiġ a aṫar sáor a Nisrael.