Agus do bé ainm an duine Elimeleċ, agus ainm a ṁná Naomi, agus ainm a ḋeisi mac Mahlon agus Ċilion, Eṗratitiġ ó Ḃetlehem‐Iúdah. Agus tangadar a steaċ go dúṫaiġ Ṁóab, agus dfanadar ansin.
¶ Agus do éiriġ Dáiḃi súas go moċ ar maidin, agus dfág na cáoiriġ ag coiṁeáduiġ, agus rug leis, agus dimṫiġ, mar a duḃairt Iesse ris; agus ṫáinic sé ċum an trinnsi, a núair do ḃí an slúaġ ag dul amaċ do ṫroid, agus do ġaíreadar ċum an ċaṫa.
Agus do ċuireadar na Ṗilistiniġ íad féin a nórduġaḋ a naġaiḋ Israel: agus a núair do ċuádar na caṫa a gcionn a ċéile, do cláoiḋeaḋ Israel roiṁe na Ṗilistiniġ: agus do ṁarḃadar don tslúaġ san ṁaċaire timċioll ċeiṫre míle fear.