Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 17:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 ¶ Agus do éiriġ Dáiḃi súas go moċ ar maidin, agus dfág na cáoiriġ ag coiṁeáduiġ, agus rug leis, agus dimṫiġ, mar a duḃairt Iesse ris; agus ṫáinic sé ċum an trinnsi, a núair do ḃí an slúaġ ag dul amaċ do ṫroid, agus do ġaíreadar ċum an ċaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 17:20
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír tiocfuid láeṫe ort, ann a dteilgfid do naiṁde diog ad ṫimċeall, agus iona dtimċiollfaid, agus iona gcuiḃreoċaid ṫú gaċ éantáoḃ.


Agus do eíriġ Iosua go moċ ar maidin; agus do áṫruiġeadar as Sitim, agus tangadár go Iordan, é féin agus clann Israel uile, agus do ḟosadar annsin suil do ċúadar ṫairis.


¶ Agus a núair do éiriġ Samuel go moċ do ṫeagṁáil re Saul ar maidin, do hinnseaḋ do Ṡamuel, ġá ráḋ, Ṫainic Saul go Carmel, agus, féuċ, do ċuir sé súas áit ḋó féín, aċd do ċas sé timċioll, agus do ġluais roiṁe síos go Gilgal.


Anois do ḃi Saul, agus íadsan, agus fir Israel uile, a ngleann Elah, ag troid ris na Ṗilistiniḃ.


Oír do ċuireadar Israel agus na Ṗilistiniġ íad féin a nórduġaḋ caṫa, slúaġ a naġaiḋ slóiġ.


¶ Agus do ċuála Eliab a ḋearḃráṫair bá sine a núair do laḃair sé ris na daóiniḃ; agus do las fearg Eliab a naġaiḋ Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Cred as a ttáiníc tusa a núas annso? agus cía ag ar ḟág tú an beagan cáoraċ sin annsa ḃfásaċ? atá fios húaḃair agamsa, agus urċoíde hinntinne; óir ṫainic tú a nuas ċum go ḃfaicfeá an caṫ.


¶ Agus déiriġ Dáiḃi, agus ṫáinic gus a náit ar ṡuiġe Saul a ċampa: agus do ċonnairc Dáiḃi a náit ar luiġ Saul, agus Abner ṁac Ner, caiptín a ṡlóiġ: agus do luíḋ Saul annsa ttrinnse, agus an slúaġ a ccampa air gaċ éantáoḃ ḋe.


Marsin ṫáinic Dáiḃi, agus Abisai ċum an tslóiġ san noiḋċe: agus, féuċ, do ḃí Saul na ċoḋlaḋ a stiġ san tréinnse, agus a ġaṫ na ṡeasaḋ san talaṁ agá aḋairt: agus do ḃí Abner agus an slúaġ na luiḋe ar gaċ táoḃ ḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ