Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Naċ ḃfuilid do ḋearḃráiṫre ag beaṫuġaḋ an tréada a Seċem? tárr águs cuirfe mé ċucṫa ṫú: agus a duḃairt seision ris, Atáim annso.
Agus a duḃairt sé ris, Guiḋim ṫú, eiriġ, féuċ an maiṫ a táṫar ag ad ḋearḃráiṫriḃ, agus an maiṫ a táṫar ag na tréuduiḃ; agus taḃair scéula ċugam a rís. Mar sin do ċuir sé amaċ é as gleann Hébron, agus táinig sé go Seċem.
Agus mil, agus im, agus cáoiriġ, agus cáise bó, ċum Dáiḃi, agus ċum na ndaoine do ḃi na ḟoċair, ré iṫe: óir a duḃradar, Atáid na dáoine ocraċ, agus curṫa, agus íotṁar, annsa ḃfásaċ.
Agus do ċuáiḋ Maóise a maċ a ccoinne a ċleaṁna, agus do rinne uṁla agus tug póg ḋó; agus do ḟiafruiġ gaċ neaċ ḋioḃ dá ċéile cionnus do ḃádar: agus tangadur don lóistín.
Aċd a ndiáiġ láeṫeaḋ áiriġe a duḃairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuċain ar mbráiṫreaċ atá ann gaċ áon ċaṫruiġ ann a ndearnamar bríaṫar an Tiġearna do ṡeanmóir, cionnus atáid síad.
Agus do ċuir Dáiḃi deiċneaṁar óganaċ úaḋ, agus a duḃairt Dáiḃi ris na hógánaċuiḃ, Eirgiḋe súas go Carmel, agus imṫiġiḋ go Nábal, agus beannuiġiḋ ḋo am ainmsi:
Agus ṫáinic Dáiḃi mar a raiḃ an da ċéad fear, noċ do ḃí coṁlag sin har ḟéadadar Dáiḃi leanṁuin, noċ air a ttug sé fós fuireaċ ag aḃuinn Besor: agus do ċuadarsan amaċ a ccoinne Ḋáiḃi, agus a ccoinne na muinntire do ḃí na ḟoċair: agus a núair ṫáinic Dáiḃi a ḃfogus don ṗobal, do ḃeannuiġ sé ḋóiḃ.