Agus a duḃairt an TIĠEARNA ría, Dá ċineaḋ atá ad ḃroinn, agus ḋa ċinéil dáoine ḋealóċṫar ód ċorp; agus biáiḋ cineaḋ ḋíoḃ as láidre na an cineaḋ eile; foiġeónuiḋ an sinnsear don tsósar.
¶ Agus a duḃaírt Samuel re Iesse, An ḃfuilid do ċlann uile annso? Agus do ḟreagair seision, Atá fós an mac as óige gan a ḃeiṫ ann, agus, féuċ, atá sé ag coiṁéad na gcáoraċ. Agus a duḃairt Samuel ré Iesse, Cuir fios air agus taḃair leaċd é: óir ní ṡuiġfeam síos nó go ttí sé annso.