Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 17:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 ¶ Anois Dáiḃi bá mac é don Néṗrátiteaċsin ó Ḃetlehem‐Iudah, dar ḃamm Iesse; agus do ḃádar oċdar mac aige: agus do ḃí an tóglaċ mar ḋuine ḟoirfe a measg na ndaóine a láeṫiḃ Ṡauil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 17:12
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus fuáir Ráċel bás, agus do haḋluiceḋ í ar a tsliġe a ngaḃṫaoi go Héṗrat, noċ re raiḋtior Bétlehem.


Anois a síad so bríaṫra deiġionaċa Ḋáiḃi. Duḃairt Dáiḃi ṁac Iessé, agus a duḃairt, an té do tógḃaḋ súas go hárd, ungṫaċ Dé Iácob, agus sailmċéolaċ binn Israel:


Féuċ, do ċúalamar so ann Eṗrátah: fúaramar é a maġuiḃ na coilleaḋ.


Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda.


Agus do ġein Iesse Dáiḃi an rí; agus do ġein Dáiḃi an ri Solomon on mnáoi do ḃi ag Urías;


Agus an tan do rugaḋ Iósa a Mbetleem ṫíre Iúdaiġe a laiṫiḃ Iorúaiṫ an rí, féuċ, tangadar dráoiṫe ó naird ṡoir Híarusalem,


Agus tusa a Ḃetleem, talaṁ Iúda, ní tú is Iuġa eidir ḋúiḃciḋiḃ Iúdah: óir is asad ṫiocfas an Duiḃce, sdúireóċus mo ṗubal Israel.


Agus do bé ainm an duine Elimeleċ, agus ainm a ṁná Naomi, agus ainm a ḋeisi mac Mahlon agus Ċilion, Eṗratitiġ ó Ḃetlehem‐Iúdah. Agus tangadar a steaċ go dúṫaiġ Ṁóab, agus dfanadar ansin.


Agus tugadar na mná a coṁarsanna ainm air, ga ráḋ, Rugaḋ mac do Naomi, agus tugadar Obed dainm air: sé sin aṫair Iesse aṫair Ḋáiḃi.


Agus do ġin Obed Iesse, agus do ġin Iesse Dáiḃi.


Anois do ḃí duine áiriġ ó Ramataim‐soṗim, do ṡliaḃ Eṗraim, agus dob é a ainm Elcanah, ṁac Ieroham, ṁic Elihu, ṁic Tohu, ṁic Suṗ, Eṗratiteaċ:


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac.


Ann sin do ḟreagair aon do na serḃíseaċaiḃ, agus a duḃáirt, Féuċ, do ċonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteaċ, noċ atá eólaċ a seinm, agus na ḋuine ro láidir ġaisgeaṁuil, agus na ḟear cogaiḋ, agus glic a ccúisiḃ, agus na ḟear sgíaṁaċ, agus atá an TIĠEARNA maille rís.


A nuáir do ċúala Saul, agus Israel uile na briaṫra sin an Ṗilistiniġ, do ḃádur uile a néagcruṫ, agus lán deagla.


Agus a duḃairt Saul ris, Cía ḋar mac ṫusa, a ógánuiġ? Agus do ḟreagair Dáiḃi é, agus a duḃairt, As misi mac do ṡerḃísiġ Iesse an Betlehemiteaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ