Agus a ndiáiġ a nfir sin do bé Eleásar ṁac Dodo an Tahohíteaċ, aón don triúr do na dáoiniḃ cuṁaċdaċa do ḃi ag Dáiḃi, a nuair ṫugadar a slán fá na Ṗilistíniḃ noċ do ċruinuiġ annsin a gcionn a ċéile ċum caṫa, agus dimṫiġeadar fir Israel rompa.
Do bféidir go ccluinfeaḋ do ṪIĠEARNA Día bríaṫra Rabsaceh uile, noċ do ċuir ríġ na Hassíria a ṁáiġistir daiṫiseaḋ an Dé ḃí; agus go nimḋeargfaḋ na bríaṫra noċ do ċúala do ṪIĠEARNA Día: uimesin tóg súas do ġuiḋe ar son an nfuiġill do fágḃaḋ.
Aċt a núair do ċúaluiḋ Sanballat an Horoniteaċ, agus Tobiah an serḃḟoġantuiġ, Ammoniteaċ, agus Gessem an Tarábianaċ, sin, do ġáireadar go tarcuisneaċ fúinn, agus ṫugadar neiṁċion oruinn, agus a duḃradar, Cred é an ní si do niṫi? an raċfuiḋ a gceannairc a naġaiḋ an ríġ?
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Anois misi Nebuċadnessar moluim agus árduiġim agus onóruiġim Ríġ neiṁe, ar fírinne a oibreaċa uile, agus gur breiṫeaṁnus a ṡliġṫe: agus an drong ṡiuḃluiġios a núaḃar féuduiġ sé a nísliuġaḋ.
Ann sin a duḃairt Dáiḃi ris an Ḃṗilistineaċ, Ṫig tusa ċugamsa le cloiḋeaṁ, agus le gaṫ, agus lé sgéiṫ: aċd tigimsi ċagadsa a namm ṪIĠEARNA na slóġ, Dia ṡluaiġ na Nisraeliteaċ, noċ do ġreannuiġ tusa.