Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 17:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Anois do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ a slúaġ a cceann a ċéile ċum caṫa, agus do cruinniġeadar íad féin a ḃfoċair a ċéile a Sócoh, noċ is le Iudah agus do ċampuiġeadar eidír Ṡócoh agus Hasécah, an Eṗes‐dammim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 17:1
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃí sé a ḃḟoċair Ḋáiḃi ann Pas‐dammim, agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniḃ, a gcionn a ċéile annsin ċum caṫa, mar a raiḃ preabán fearuinn lán deórna; agus do ṫeiṫeadar an pobal roiṁe na Ṗilistiniḃ.


Dionnsuiġeadar na Ṗilistiniġ mar an gcéadna caiṫreaċa na tíre íoċdaruiġ, agus an táoḃ ṫeas do Iúdah, agus do ġaḃadar Bet‐semes, agus Aialon, agus Gederot, agus Soċo gun a ḃailtiḃ, agus Timnah gun a ḃailtiḃ, Gimso fós gun a ḃailtiḃ: agus do áitreaḃadar annsin.


A nuáir do ṫroid slúaġ ríġ na Babilóine a naġáiḋ Ierusalem, agus a naġáiḋ uile ċaiṫreaċa Iúdah dar ṁair, a naġáiḋ Laċis, agus a naġáiḋ Asecah: óir do ṁaireadar na caiṫreaċa daingnesi do ċaiṫreaċaíḃ Iúdah.


Mar atá, cúig tiġearna na Ḃfilistíneaċ, agus na Canaanítiġ uile, agus na Sidónianuiġ, agus na Hiḃitiġ do áitriḃ a slíaḃ Lebanon, ó ṡlíaḃ Baalhermon go nuige dul a steaċ go Hámat.


¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a gcionn a ċéile do ṫroid a naġaiḋ Israel, tríoċad míle carbad, agus sé ṁíle marcaċ, agus dáoine mar an gaineaṁ noċ ḃíos ar ṫráiġ na fairge air iomadaṁlaċd: agus tangadar súas, agus do ṡuiḋeadar a Miċmas, soir ó Ḃetaḃen.


Ann sin do ċuáiḋ Saul síos ó leanṁuin na Ḃṗilistíneaċ: agus do ċuádar na Ṗilistiniġ dá nionad féin.


Agus do ḃí cogaḋ crúaiḋ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ an fad do ṁair Saul: agus a nuair do ċíoḋ Saul duine láidir ar biṫ, nó duine curata, do ḃeireaḋ ċuige é.


¶ Agus a núair do ċuáladar na Ṗilistiniġ gur ċruinniġeadar clann Israel a gcionn a ċeile go Mispeh, do ċuádar TIĠEARNUIĠ na Ḃṗilistíneaċ súas a naġaiḋ Israel. Agus a núair do ċúaladar clann Israel é, do ḃí eagla na Ḃpilistineaċ orra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ